Saol i gColáiste na Carriage

Image of personEdith Ward Tucker is a Transition Year student in Coláiste na Carraige. In this blag (blog) she tells us about life in her school.

Coláiste na Carraige is ainm don scoil a fhreastalaím air. Tá an scoil suite ar an gCarraig, i bparóiste Chill Chartha, I gcontae Dhún na nGall. Is Coláiste é le stair an-fhada. Bunaíodh an scoil sa bhliain 1950 agus bhí sé lonnaithe sa teach dearg ar an mbóthar go Teileann ar dtús. Rinneadh ceithre ábhar ar dtús mar ní raibh ann ach múinteoir amháin. Sa bhliain 1956, osclaíodh an foirgneamh scoile nua san áit ina bhfuil an t-ionad lae sa cheantar inniu. Anois, tá an scoil suite idir daichead agus caoga méadar ón ionad lae agus tá i bhfad níos mó scoláirí agus múinteoirí inti. Tá breis agus dhá chéad dalta agus thart ar fiche múinteoir.

Cosúil le gach meánscoil eile sa tír, tá cúig nó sé bliana le déanamh againn roimh dúinn an scoil a chríochnú. Tá gach bliain tábhachtach, ach is iad an tríú bhliain agus an séú bliain na blianta is tábhachtaí, mar go mbíonn scrúduithe stáit le déanamh againn. Tá mé féin san Idirbhliain faoi láthair. Is seans maith é do scoláirí chun ár n-intinn a dhéanamh suas cad ba mhaith linn déanamh nuair a fhásann muid suas, agus níos tábhachtaí arís, cad iad na hábhair gur chóir dúinn a dhéanamh sa cúigiú agus sa séú bliain a. Is mór an trua go bhfuil paindéim ar fud an domhain faoi láthair, mar ní fhaigheann daltaí san idirbhliain na deiseanna céanna i gcomparáid le blianta eile roimh an víreas coróin, ach ní thubaiste mór é agus tá muid uilig ag súil go mór le deireadh paindéime seo.

Sa scoil seo, níl an méid céanna aiseanna ar fáil is atá i scoileanna móra ar fud na hÉireann, ach, sin ráite, táSchool logo bainistíocht na scoile ag obair go crua chun rudaí a fháil don scoil. Faoi láthair tá halla spóirt againn, tá trealamh spóirt taobh istigh agus taobh amuigh den scoil. Fosta, tá páirc uile aimsire againn taobh amuigh agus is féidir, cispheil, eitpheil, peil, peil ghaelach agus leadóg a imirt uirthi.

Tá an deis ag scoláirí an chuid is mó de na hábhair scoile a dhéanamh sa scoil seo. Déanann muid Gaeilge, Béarla, Matamaitic, Francis, Gearmáinis, Ceol, Eacnamaíocht bhaile, Adhmadóireacht, Miotalóireacht, Tíreolaíocht, Stair, Eolaíocht, Creideamh, OSPS agus OSSP agus níos mó. Tá neart ábhair ag na daltaí sa scoil ó thaobh rogha de san Ardteist.

Tá foireann peil Ghaelach againn fosta agus tá cuid mhór suime ag gach duine sa cheantar sa pheil Ghaelach. D’imir imreoirí ar nós Paddy McBrearty don scoil roimh chraobh uile na hÉireann a bhaint le foireann Dhún na nGall sa bhliain 2012.

Tá suim mhór ag daoine sa cheol fosta agus d’fhreastail ceoltóir cáiliúil Rory Gallagher as an mbanna “The Revs” agus anois “Rory and the Island” ar an scoil seo.

Le deireadh a chuir le mo chuid scríobhneoireachta, Is maith liom mo scoil. Tá na múinteoirí go deas agus tá na scoláirí go deas fosta. Is cairde uilig muid agus ní féidir liom fanacht go dtí go mbíonn muid uilig ar ais le chéile arís nuair a osclaíonn an scoil arís.