Cé atá ábalta páirt a ghlacadh i gCumasóige?
Tá an clár Cumasóige dírithe ar dhaoine óga idir 16-20 bliain d’aois a d’fhág an scoil go luath agus a bhfuil beagán cáilíochtaí nó cáilíochtaí ar bith acu.
Cad iad na cúrsaí atá ar fáil i gCumasóige?
Cuireann Cumasóige réimse leathan deiseanna foghlama agus oiliúna ar fáil do dhaoine óga. Cuirtear réimse dámhachtainí náisiúnta de chuid Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) ar fáil lena n-áirítear Leibhéil 1 nó 2 Foghlaim Ghinearálta, Leibhéal 3 Scileanna Gnóthaithe Poist agus Leibhéal 4 Foghlaim Ghinearálta. Athraíonn na hábhair ó ionad go hionad; ina measc tá: ealaín agus ceardaíocht, lónadóireacht, ríomhaireacht, cúram leanaí, gruagaireacht, sláinte agus folláine, litearthacht, uimhearthacht, scileanna oifige, gníomhaíochtaí allamuigh, forbairt phearsanta, ceardaíocht adhmaid agus i bhfad níos mó. Tá taithí oibre mar pháirt thábhachtach den Chlár Cumasóige fosta. I measc na gcáilíochtaí eile tá: Bunsláinteachas Bia, CETR, Garchabhair agus Gradaim Gaisce.
Ina theannta sin, cuireann ionaid clár cuimsitheach ar fáil maidir le cur chun cinn na sláinte, rud a chlúdaíonn réimsí ar nós meabhairshláinte dhearfach, sláinte ghnéis, alcól agus drugaí, sábháilteacht ar bhóithre, saoránacht agus bainistíocht airgid. Tá an spraoi ina pháirt thábhachtach de Chumasóige agus bíonn turais agus imeachtaí rialta ar nós tráth na gceist boird bliantúil ar fud an chontae, máistirchef, púl, comórtais bhabhlála agus pheile á reáchtáil i rith na bliana.
Cad iad na roghanna dul chun cinn i ndiaidh Cumasóige a chríochnú?
A luaithe agus atá clár Cumasóige críochnaithe agat tig leat dul ar aghaidh chuig fostaíocht nó deiseanna breisoideachais eile – cuideoidh ár gcomhairleoirí gairmthreorach leat ar do bhealach.
Cad a chosnóidh cúrsa Cumasóige?
Níl aon chostais ag baint le páirt a ghlacadh i gclár Cumasóige.
An íocfar mé agus mé ag freastal ar chúrsa Cumasóige?
Agus tú ag freastal ar chlár Cumasóige gheobhaidh tú liúntas seachtainiúil oiliúna (€45 in aghaidh na seachtaine faoi láthair dóibh siúd 16 agus 17 mbliana d’aois agus €232 in aghaidh na seachtaine dóibh siúd 18+ mbliana d’aois), liúntas béilte agus taistil de réir mar is cuí. Is clár lánaimseartha, dhá bhliain é Cumasóige.