Ionad FET Bun Cranncha
Tá Ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Bun Cranncha ionnaithe ar Bhóthar na Trá, Bun Cranncha. Cuireann an t-ionad réimse cúrsaí páirtaimseartha ar fáil d’fhoghlaimeoirí ó Leibhéil 1-5 i dtimpeallacht foghlama atá sábháilte agus tacúil.
Tá formhór na gcúrsaí creidiúnaithe ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) nó ag comhlachtaí creidiúnúcháin eile, macasamhail City & Guilds agus tá na cáilíochtaí dírithe ar thionscal ar leith. Tig le foghlaimeoirí tosú ag leibhéal a aithníonn a scileanna reatha agus tig leo leas a bhaint as an bhealach dul chun cinn is fearr a oireann dóibh.
Cuirtear réimse clár ar fáil san ionad de réir mar atá mionsonraithe thíos
Cláir atá ar fáil
- Litearthacht d’Aosaigh
- An Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEI)
- Féinmhaoinithe (Ranganna Páirtaimseartha/Tráthnóna)
- Scileanna don Obair
- Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG)