Ionad FET Bhaile Dhún na nGall (Droim Chliabh)
Tá an tIonad Breisoideachais agus Oiliúna, Baile Dhún na nGall lonnaithe i nDroim Chliabh. Cuireann an t-ionad réimse cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha ar fail d’fhoghlaimeoirí ó Bhaile Dhún na nGall agus ó cheantair máguaird i dtimpeallacht foghlama atá sábháilte agus tacúil.
Tá formhór na gcúrsaí creidiúnaithe ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) nó ag comhlachtaí creidiúnúcháin eile, macasamhail City & Guilds agus tá na cáilíochtaí uilig dírithe ar thionscal ar leith. Tig leo maireachtáil ar feadh roinnt seachtainí nó suas le dhá bhliain.
Tig le foghlaimeoirí tosú ag leibhéal a aithníonn a scileanna reatha agus tig leo leas a bhaint as an bhealach dul chun cinn is fearr a oireann dóibh.
Cuirtear réimse clár ar fáil san Ionad de réir mar atá mionsonraithe thíos:
Cláir atá ar fáil:
- Litearthacht Aosach
- Féinmhaoiniú (Ranganna Páirtaimseartha/Tráthnóna)
- Scileanna le Dul Chun Cinn
- Scileanna don Obair
- Soláthraithe Sainoiliúna (STP)
- Aitheantas Réamhfhoghlama (RPL)
- Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG)