Coláiste na Maoile Rua
Ráiteas Misin: Is pobal é an coláiste s’againn, áit a dtacaíonn baill foirne, tuismitheoirí agus daltaí lena chéile; coláiste éifeachtach an toradh a bhíonn ar obair foirne thairbheach; “Ní neart go cur le chéile.”
Tá Coláiste na Maoile Rua lonnaithe díreach taobh amuigh de Bhaile na nGallóglach. Cuireann muid réimse leathan ábhar, spórt agus deiseanna cultúrtha ar fáil, rud a ligeann do dhaltaí réimse leathan buanna a fhorbairt laistigh de thimpeallacht chomhbhách. Tá ár ngníomhaíochtaí seach-churaclaim chomh tábhachtach dúinn agus atá ábhair acadúla. Is mór an t-údar mórtais dúinn iad na daltaí a bhfuil éachtaí/léirithe déanta agat i réimsí ar nós: Peil Ghaelach, Sacar, Rugbaí, Lúthchleasaíocht, na hEalaíona agus Ceol.
Spreagann muid ár gcuid daltaí le bheith uaillmhianach maidir lena ngnóthachtáil oideachais agus ina ngníomhaíochtaí seach-churaclaim. Comhoibríonn Coláiste na Maoile Rua leis an phobal ag roinnt mhaith leibhéal agus ó cheann ceann na bliana reáchtálann muid cláir le gné uileghabhálach a thabhairt don oideachas a chuireann muid ar fáil. Go hacadúil tá dul chun cinn déanta ón ghairmoideachas go struchtúr cuimsitheach agus uileghabhálach a chuireann gach ábhar, clár agus deis ar fáil do gach foghlaimeoir.
Freastalaíonn an scoil ar riachtanais an phobail áitiúil tríd an réimse seo a leanas de chláir a chur ar fáil:
Cláir atá ar fáil
- Teastas Sóisearach (JC)
- Idirbhliain (TY)
- Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP)
- Ardteistiméireacht (LC)
- An Ardteistiméireacht Fheidhmeach (LCA)
- Comhionannas Deiseanna sna Scoileanna a Sheachadadh (DEIS)