Coláiste na Carraige
RÁITEAS BUNCHUSPÓRA: Cuireann Coláiste na Carraige fáilte roimh gach ball den phobal agus cuireann sé chuige sárseirbhís oideachais a chur ar fáil atá bunaithe ar phrionsabail measa, rannphairtíochta, dianoibre agus cineáltais.
Tá súil againn go bhfaighidh gach dalta inár scoil timpeallacht a spreagann aitheantas cothrom ar gach uile chumas. Tá sé mar aidhm againn sainbhuanna gach dalta a fhorbairt. Creideann muid sna buntáistí a bhaineann le timpeallacht scoile atá dea-ordaithe, dea-struchtúrtha, áit ar féidir le daltaí treoir agus cúram a fháil uathu siúd atá i gceannas agus chomh maith leis sin deiseanna a fháil le cur go dearfach lena gcuid oideachais féin.
Freastalaíonn an scoil ar riachtanais an phobail áitiúil tríd an réimse seo a leanas de chláir a chur ar fáil:
Cláir atá ar fáil
- Teastas Sóisearach (JC)
- Idirbhliain (TY)
- Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP)
- Ardteistiméireacht (LC)
- An Ardteistiméireacht Fheidhmeach (LCA)