Coláiste Mhagh Éne
Ráiteas Misin: Tá muid bródúil as an dóigh a dtugann muid aire phearsanta agus aonair do gach dalta agus is mór againn an obair a dhéantar i gcomhar le tuismitheoirí leis an sprioc sin a bhaint amach.
Tagann ‘Magh Éne’ ó na focail Shean-Ghaeilge ar ‘fáilte’ agus ‘talamh mín’ .i. ‘magh fáilteachais’, rud a léiríonn an meon s’againn maidir le hoideachas .i. go bhfuil fáilte roimh chách.
Bunaíodh Coláiste Mhagh Éne sa bhliain 1992 agus freastalaíonn sé ar riachtanais na ndaltaí sna ceantair seo a leanas: deisceart Dhún na nGall, tuaisceart Liatroma agus tuaisceart Shligigh. Tá an fhoireann ag Coláiste Mhagh Éne bródúil as an dóigh a gcuireann siad curaclam acadúil forásach ar fáil mar aon le réimse leathan de gníomhaíochtaí seach-churaclaim agus comhchuraclaim a chuireann forbairt iomlánaíoch ár gcuid daltaí chun cinn.
Freastalaíonn an scoil ar riachtanais an phobail áitiúil tríd an réimse seo a leanas de chláir a chur ar fáil:
Cláir atá ar fáil
- Teastas Sóisearach (JC)
- Idirbhliain (TY)
- Ardteistiméireacht (LC)
- Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP)