Coláiste Ailigh
Ráiteas Misin: I gcomhar leis an phobal uilig tá an Coláiste tiomanta d’oideachas ar ardchaighdeán a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cuireann an scoil meas ar chothú an chultúir Ghaelaigh chun cinn i bpobal na scoile agus creideann sí sna nithe seo a leanas: cothromaíocht, luach an duine agus spiorad na hintinne, pearsantacht, spioradáltacht, moráltacht agus forbairt agus inspioráid an pháiste.
Osclaíodh Coláiste Ailigh i Meán Fómhair 2000 i dTeach Sprackburn i Leitir Ceanainn, agus ba é an tríú scoil lán-Ghaeilge de chuid ETB Dhún na nGall é. Freastalaíonn an scoil, ní hamháin ar dhaltaí ó cheantar Leitir Ceanainn, ach fosta tá daltaí ar an rolla ó Fhanaid, ó Charraig Airt, ó na Dúnaibh, ón Chraoslach, ón Tearmann agus ón tSrath Bhán.
I Samhain 2013 ghlac an scoil céim ollmhór chun tosaigh ar thuras Choláiste Ailigh nuair a bhog siad isteach i bhfoirgneamh úr scoile i gCnoc na Móna, an chéad scoil faoi chúram ETB Dhún na nGall le bheith tógtha faoin scéim Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí. An Taoiseach, Enda Kenny TD a d’oscail an scoil go hoifigiúil sa bhliain 2014.
Freastalaíonn Scoil Ailigh ar riachtanais an phobail áitiúil tríd an réimse seo a leanas de chláir a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge:
Cláir atá ar fáil
- Teastas Sóisearach (JC)
- Idirbhliain (TY)
- Ardteistiméireacht (LC)
- Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP)