Beartais agus Nósanna Imeachta Oidhreachta um Dhearbhú Cáilíochta
I ndiaidh Choiste Gairmoideachais Dhún na nGall agus iarSheirbhísí Oiliúna SOLAS i Leitir Ceanainn a chónascadh, tá ETB Dhún na nGall ag oibriú faoi láthair faoi dhá chomhaontú oidhreachta le Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (DCCÉ), an ghníomhaireacht stáit neamhspleách atá freagrach as cáilíocht agus cuntasacht a chur chun cinn i seirbhísí oideachais agus oiliúna in Éirinn (tuilleadh eolais ar fáil ar www.qqi.ie).
Chun críocha faisnéise, tá liosta de na doiciméid acmhainne a bhaineann leis na Comhaontuithe Oidhreachta DC ar fáil anseo thíos:
-
Beartais agus Nósanna Imeachta Oibríochtúla ETB Dhún na nGall um DC DCCÉ do Chomhordaitheoirí Clá
-
Lámhleabhar Uileghabhálach TQAS maidir le DC, Leagan 4.3, Seirbhís FET ETB Dhún na nGall
D’fhoilsigh DCCÉ Croí-Threoirlínte Reachtúla DCCÉ maidir le DC i mí Aibreáin 2016, agus Treoirlínte Earnáilsonracha do ETBanna i mí Bealtaine 2017. Tá ETB Dhún na nGall ag obair anois chun córas comhtháite um dhearbhú cáilíochta a fhorbairt don eagraíocht.
Chun teacht ar bheartais agus nósanna imeachta DC a bhaineann go sonrach le gach ionad Breisoideachais agus Oiliúna de chuid ETB Dhún na nGall faoi na comhaontuithe oidhreachta, déan teagmháil dhíreach leis an ionad i gceist. Tá na sonraí teagmhála ar fáil anseo.
Beartais agus Nósanna Imeachta Athbhreithnithe um Dhearbhú Cáilíochta
Is tionscadal fadtéarmach de chuid ETB Dhún na nGall é réimse cuimsitheach comhpholasaithe agus comhnósanna imeachta um dhearbhú cáilíochta a fhorbairt; de réir mar a dhéanann an struchtúr rialachais iomchuí comhpholasaithe agus comhnósanna imeachta nua a fhorbairt agus a fhaomhadh, foilseofar ar an leathanach seo iad, agus tiocfaidh siad in ionad na mbeartas agus na nósanna imeachta aonair atá ar fáil faoi láthair.