I roinnt mhaith cásanna maidir lenár gcúrsaí lánaimseartha tá an oiliúint saor in aisce. Déanta na fírinne, b’fhéidir go mbeifeá i dteideal Liúntas Oiliúna.
Tá cúrsaí oiliúna lánaimseartha trí Sheirbhísí Oiliúna agus Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS) saor in aisce do gach foghlaimeoir agus tá soláthar páirtaimseartha tríd an Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEI) saor dóibh siúd atá ag fáil íocaíochta ón Roinn Coimirce Sóisialaí nó do dhuine ar bith a bhfuil cárta leighis aige nó daoine a bhfuil níos lú ná oideachas sinsearach dara léibhéal acu.
Tugann Cúrsaí Oiliúna* agus Scéimeanna SDOG cead dóibh siúd atá dífhostaithe go fadtéarmach tairbhe a bhaint as cúrsaí oiliúna lánaimseartha agus leanúint de bheith ag fáil íocaíochtaí trí liúntas oiliúna. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh foghlaimeoirí a bheith i dteideal liúntais taistil agus cothaithe chomh maith (tá roinnt coinníollacha i gceist).
*Tá roinnt bheag sainchúrsaí ann a bhféadfadh costais a bheith ag baint leo.
Tá cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC) faoi réir táille chlárúcháin de €100.00. Clúdóidh an táille chlárúcháin an costas a bhaineann le leabhair, scrúduithe agus fótachóipeáil.
Tá na catagóirí seo a leanas de rannpháirtithe saor ón tobhach táille scrúdaithe QQI de €50.00 a íoc:
- Daoine a bhfuil cárta leighis iomlán acu agus ag a bpáistí cleithiúnacha;
- Iad siúd atá i dteideal faoi scéim deontas na mac léinn;
- Iad siúd atá ag fáil an Liúntais um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEA).
Liúntas chun Filleadh ar an Oideachas (LFO/BTEA)
Má tú dífhostaithe, i do thuismitheoir aonair nó má tá tú faoi mhíchumas agus ag fáil íocaíochtaí áirithe ón Roinn Coimirce Sóisialaí, is féidir leat a bheith rannpháirteach i gcúrsa dara leibhéal nó tríú leibhéal agus Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEA) a fháil. Le níos mó eolais a fhail déan teagmháil le d’oifig aitiúil Leasa Shóisialaigh nó tabhair cuairt ar www.gov.ie/en/organisation/department-of-social-protection/.
Tá an clár Cumasóige saor in aisce do dhaoine a fhágann an scoil go luath, idir 16 agus 20 bliain d’aois. Íocfar liúntas oiliúna le foghlaimeoirí: €40.00 in aghaidh na seachtaine dóibh siúd 16 agus 17 mbliana d’aois agus €208 (d’fhéadfadh sé athrú) in aghaidh na seachtaine dóibh siúd 18 mbliana d’aois agus os a chionn. Lena chois sin, tá liúntais taistil agus cothaithe ar fáil.
Cuireann an Tionscanamh um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEI) cúrsaí páirtaimseartha ar fáil do dhaoine atá 18+ mbliana d’aois gan aon oideachas foirmiúil dara leibhéal. Tá na cúrsaí seo saor in aisce do rannpháirtithe (nó a gcleithiúnacha) sna cásanna seo a leanas:
- Má tá níos lú ná oideachas sinsearach dara leibhéal acu, nó
- Má tá siad ag fáil íocaíochta cuardaitheora poist nó íocaíochta leasa shóisialaigh de réir tástála acmhainne, nó
- Má tá siad ag fáil forlíonadh ioncam teaghlaigh, nó
- Má tá cárta leighis acu
I roinnt cásanna, d’fhéadfadh táillí fós a bheith i gceist. Le níos mó eolais a fháil, déan teagmháil le ETB Dhún na nGall ar (074) 9164199.
Seirbhísí Oiliúna Soláthar Páirtaimseartha (Ranganna Tráthnóna) D’fhéadfadh foghlaimeoirí atá ag fáil íocaíochta ón Roinn Coimirce Sóisialaí a bheith i dteideal tarscaoileadh táille, ag brath ar an chineál íocaíochta atá siad a fháil. B’fhéidir go mbeadh costais ghaolmhara áirithe le ranganna oíche páirtaimseartha dóibh siúd atá fostaithe. Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Seirbhísí Oiliúna ar (074) 91 20500.
Acmhainn ar-líne is ea www.studentfinance.ie a mhionsonraíonn gach gné a bhaineann le maoiniú, deontais agus sochair leasa shóisialaigh i dtaca le hoideachas agus oiliúint.
*Le níos mó eolais a fháil ar na cláir thuasluaite nó dá mba rud é gur mhaith leat labhairt le comhordaitheoir aon cheann de na cláir thuas, le do thoil, tabhair cuairt ar an rannán Míniú ar Chláir FET ar an láithreán gréasáin seo.