Fuair mic léinn Breisoideachais agus Oiliúna (FET) i gceantar Bhaile na nGallóglach teastais chúrsa ag Oíche na nGradam ar 13 Márta chun éachtaí eisceachtúla na mac léinn a chríochnaigh cúrsaí CNC Leibhéal 4 agus 5 i mBealtaine 2023 agus 2024 a cheiliúradh.
Leag an imeacht béim ar nádúr bunathraithe na gcúrsaí atá á dtairiscint san Ionad FET i mBaile na nGallóglach agus níos leithne ar fud an chontae ag an tSeirbhís FET atá á bhainistiú ag Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall.
Bhí mic léinn, teaghlaigh, oideachasóirí, agus aíonna ar tugadh cuireadh dóibh, le chéile chun obair chrua, dúthracht agus sármhaitheas na mac léinn a aithint, bhain an lucht freastail sult as tráthnóna speisialta. Mar chuid den tráthnóna bhí óráidí agus bronnadh gradam, agus sólaistí beaga ag an deireadh.
Bronnadh teastais ar raon cúrsaí a cuireadh ar fáil san ionad lena n-áirítear Scileanna Seirbhíse Sláinte, Leabharchoimeád Láimhe agus Ríomhairithe, Párolla de Láimh agus Ríomhairithe agus Ceadúnas Tiomána Chumann Ríomhaireachta na hÉireann (ICDL).
Labhair cúigear iarscoláirí faoina dturas foghlama phearsanta féin i ndiaidh dóibh dul i ngleic le hathruithe saoil agus gairme. Thug siad breac-chuntas ar an dóigh, agus iad san Ionad, go raibh an deis acu iad féin a fhorbairt agus scileanna nua agus muinín a fhorbairt agus tacaíocht chumasach á fáil acu ó fhoireann teagaisc agus tacaíochta an Ionaid.
Rinne Oifigeach Oideachais d’Aosaigh ETB Dhún na nGall Charles Gorney machnamh ar an tráthnóna, ag rá “Is imeachtaí inspioráideacha iad ár nOícheanta Bronnta i gcónaí. Deis a bhí ann ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí suntasacha ár gcuid mac léinn agus ar thiomantas gan staonadh na foirne. Taispeánann an ócáid fosta an tionchar sochaíoch níos leithne atá ag Breisoideachas agus Oiliúint ar phobail Dhún na nGall. Tá muid millteanach bródúil as ár gcuid mac léinn agus as an tionchar a bhí ag ár n-Ionad agus ag ár bhfoireann agus tá muid ag dúil go mór leis na mic léinn a bhí againn san am a chuaigh thart agus ár mic léinn reatha a fheiceáil ag bláthú amach anseo.
“Caithfidh muid aitheantas a thabhairt do na céimithe seo as an díograis agus an tiomantas agus na cúrsaí á dtabhairt i gcrích acu agus as an chéim seo a ghlacadh i dturas foghlama, turas a mhairfidh ar feadh an tsaoil, le cuidiú Dé” a dúirt sé.
Labhair Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, ar éachtaí suntasacha na mac léinn a bhí i láthair agus leag sí béim ar an iliomad conairí foghlama atá ar fáil laistigh den ETB agus mhol sí dúthracht na ndaoine a raibh gradaim á mbronnadh orthu.
Chun tosaigh ó chlé: Charles Gorney (Oifigeach Oideachais d’Aosaigh, ETB Dhún na nGall), Pauline Doherty (Múinteoir TFC agus Cuntas), an Clr Declan Meehan (Comhalta Boird, ETB Dhún na nGall), Anne McHugh (Príomhfheidhmeannach, ETB Dhún na nGall)
Cúl ó chlé: Deborah Brougham, Sinead Duffy, Sasha Gallagher agus Mary Leahy-Sweeney.
Bhronn Comhalta Boird ETB Dhún na nGall, an Clr Declan Meehan na teastais agus thug sé óráid spreagúil ag ceiliúradh athléimneacht agus diongbháilteacht na gcéimithe. Ag machnamh ar a dturas oideachais, leag sé béim ar na dúshláin a bhí le sárú ag go leor mac léinn agus iad ag filleadh ar an oideachas mar dhaoine fásta agus mhol sé a gcumas constaicí a shárú, a dtodhchaí a athrú, agus deiseanna nua a aimsiú don tsaol atá rompu.
Mhol an Clr Meehan fosta dúthracht na foirne a raibh ról lárnach acu i dtreorú agus i gcumasú na mac léinn: “Tá níos mó ná cáilíochtaí sna teastais atá agat inniu – is siombail iad den athléimneacht, den chlaochlú agus den tús nua”, a dúirt sé.
Spreagadh céimithe chun na ceachtanna maidir le hobair foirne, féinmhuinín agus buanseasmhacht a thabhairt leo agus iad ag tabhairt faoi chosáin nua ina ngairmeacha beatha agus ina bpobail.
Tá tuilleadh eolais ar chúrsaí a chuireann an tIonad FET i mBaile na nGallóglach ar fáil ar an aimsitheoir cúrsaí ar shuíomh gréasáin ETB Dhún na nGall (www.donegaletb.ie/fetcoursefinder) nó trí scairt nó ríomhphost a chur chuig an ionad a 074 9153194 nó fetcentremilford@donegaletb.ie.