Tá an tUasal Aiden Coll ceaptha ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall mar Bhainisteoir Cúnta Ionad Oiliúna dá Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ag Ionad Oiliúna Ghaoth Dobhair.
Is as an Fhál Carrach é Aidan agus tá sé ag obair le ETB Dhún na nGall ó bhí 2017 ann mar Theagascóir Leictreachais in Ionad Oiliúna Ghaoth Dobhair, ag cur cúrsaí oiliúna Phrintíseacht Leictreachais Céim 2 ar fáil. Roimhe sin d’oibrigh sé mar Chonraitheoir Leictreach ar feadh cúig bliana déag agus tá raon leathan taithí aige. Beidh Aiden anois mar chuid den fhoireann Bainistíochta Sinsearaí a bheidh freagrach as cláir éagsúla ar fud na Seirbhíse FET.
D’fhreastail Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall ar chóir a bheith 19,000 scoláire in 2024 thar líonra d’ocht n-ionad FET déag agus go leor ionad eile ar fud an chontae agus a chuid oileáin, ag soláthar oideachais agus oiliúna ó Leibhéil 1-6 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí.
Ag labhairt dó faoina cheapachán nua, dúirt Aidan, “Tá lúcháir orm agus tá mé iontach bródúil as a bheith ceaptha mar Bhainisteoir Cúnta le ETB Dhún na nGall laistigh den tSeirbhís FET. Tá mé ar bís faoin deis nua seo agus tá mé ag dúil go mór leis an soláthar FET reatha a fhorbairt agus a leathnú.”
Agus comhghairdeas á dhéanamh aici le hAiden as a cheapachán, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh, “Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh Aiden chuig an Fhoireann Bainistíochta Sinsearaí FET. Tabharfaidh sé raon leathan agus ilghnéitheach taithí agus eolais leis. Cuirfidh a ionchur go mór leis an phlean oibre fairsing i Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall. Guím gach rath air agus é ag cur tús lena ról nua agus tá mé ag dúil le bheith ag obair leis ar son phobail Chontae Dhún na nGall.”
Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae le breis agus 34,000 scoláire agus 1,500 ball foirne ar fud an chontae agus a chuid oileán, chomh maith le buiséad bliantúil de bhreis is €100 milliún.
Thosaigh Aiden sa ról i mí Eanáir.