Agus muid ag dréim le Nollaig 2024 ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a chur in iúl dár bpobail ETB. Ar fud ár Scoileanna, Ionad agus Oifigí Riaracháin ar fud an chontae, chuir sibh go mór le hobair ETB Dhún na nGall le linn 2024 agus tá an tiomantas dár luachanna soiléir do gach duine.
Agus mé ar cuairt chuig ár scoileanna agus chuig ár n-ionaid i rith na bliana, chuaigh paisean agus tiomantas na foirne dá gceantar áitiúil agus don tseirbhís iontach a chuireann siad ar fáil i gcónaí i bhfeidhm orm. Tá ról ag gach aon bhall foirne agus ní tharlódh ár seirbhís dár bpobail i nDún na nGall, ár bpobail nua san áireamh, gan an dúthracht seo dár luachanna Sármhaitheasa, Cúraim, Comhionannais, Pobail agus Measa.
Déanann ár dtrí mhórpháirt, atá faoi cheannas ár stiúrthóirí; Ciaran O’Brien (Breisoideachas agus Oiliúint (FET)), Andy McGovern (Tacaíocht agus Forbairt Eagraíochta (OSD)) agus an Dr Martin Gormley (Scoileanna) jab den scoth chun foireann a threorú taobh istigh dá réimsí. Tréaslaím, thar ceann gach duine, leis an triúr as a gcuid éachtaí suntasacha le linn 2024.
Ní féidir na héachtaí iontacha ar fad inár n-eagraíocht a lua mar go dtarlaíonn siad gach lá ar dhóigheanna móra agus ar dhóigheanna beaga ach ba mhaith liom blaiseadh a thabhairt ar chuid den obair thras-eagraíochta a bhí ar siúl le linn 2024.
Is tosaíocht dúinn go léir é an t-athrú aeráide agus tá athrú dearfach á chur i bhfeidhm ag ár nGrúpa Stiúrtha Aeráide, Fuinnimh agus Inbhuanaitheachta inár scoileanna agus inár n-ionaid go léir. Tá tacaíocht agus oiliúint curtha ar fáil againn do phríomhbhaill foirne, feighlithe ina measc agus tá soláthar na Foirne Glasa neartaithe againn sna scoileanna agus sna hionaid go léir. Tá a gcuid painéil PV suiteáilte anois ag ár scoileanna agus tá muid ag ullmhú iarratais ar mhaoiniú don FET sa réimse seo. Tá ár dTreochlár um Ghníomhú ar son na hAeráide tugtha chun críche agus tá bearta ar siúl.
Is contae Gaeltachta muid agus tá muid an-bhródúil as an mhéid atá déanta againn ar son na Gaeilge. Tagann ár gCoiste Gaeilge le chéile go rialta chun cur chun cinn na Gaeilge ar fud ár n-eagraíochta a phlé. I mbliana bhain Coláiste Phobail Cholmcille agus Gairmscoil Chú Uladh aitheantas amach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta agus tréaslaím leis an dá scoil. Tá a ainm uasdátaithe ag Coláiste Eoghain i mBun Cranncha ar a tugadh Coláiste Chineál Eoghain air, mar aon le suaitheantas agus éide nua agus guímid gach rath orthu. Glacann baill an choiste páirt sa phlé náisiúnta ar theagasc na Gaeilge agus glacann siad páirt go háitiúil agus cuidíonn siad le himeachtaí agus ranganna a eagrú inár nOifigí Riaracháin i Leitir Ceanainn.
Mar eagraíocht déanann muid ár ndícheall ár luachanna a chomhlíonadh i ngach rud a dhéanann muid agus tá ár nGrúpa Stiúrtha um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú ag cuidiú leis seo. Chomhoibrigh muid le Think Equality Donegal maidir le grúpaí foirne a oiliúint ar ár nDualgas Earnála Poiblí agus chuir muid tús leis an phróiseas chun an Dualgas a chur i bhfeidhm trí amharc ar roinnt beartas agus nósanna imeachta ar fud ár n-eagraíochta.
Tá comhoibriú ina bhunchloch d’ETB Dhún na nGall agus tá liosta fada agus éagsúil de na heagraíochtaí sin a mbíonn muid ag obair leo chun ár gcontae agus ár réigiún a fheabhsú. Tá ETB Dhún na nGall ar cheann de na ceithre institiúid tríú leibhéal sa réigiún atá maoinithe go poiblí mar chuid de Bhraisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt. D’óstáil Ollscoil Uladh comhdháil idir an Lárionad um Léann Trasteorann agus Braisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt i mí na Bealtaine, a dhírigh go mór ar an todhchaí agus ar an athrú inmhianaithe a d’fhéadfaí a bhaint amach dár réigiún cathrach.
Nuair a amharcaim ar mo dhialann arís feicim oscailt oifigiúil an síneadh nua ag Gairmscoil Mhic Diarmada, Oileán Árainn Mhór agus an síneadh nua ar an fhoirgneamh modúlach ag Coláiste an Eargail, an dá cheann i mí Bealtaine. Eagraíodh raidhse imeachtaí do Sheachtain an ETB i mí an Mhárta, ina measc an Comórtas Díospóireachta ar éirigh thar barr leis, a bhí bainte ag Coláiste Cranncha i mbliana. Léirithe DMEP, buaicphointe acu ná Ceolchoirm bliantúil na Nollag le Ceolfhoireann Óige Dhún na nGall, Searmanais Bronnta Céime FET agus na bPrintíseach, rath leanúnach ár gCumann Foirne ar Scor agus an obair thábhachtach a dhéanann ár bhfoirne Folláine i ngach scoil agus ionad.
I ndiaidh na dtoghchán áitiúil i mí an Mheithimh, bunaíodh ár mBord nua agus tháinig roinnt comhaltaí nuacheaptha ar an bhord le comhaltaí a bhí ann roimhe seo. Tá ionduchtú agus oiliúint á bhfáil ag comhaltaí agus tá an-áthas orainn go dtugann ár gcomhaltaí raon leathan agus éagsúil de scileanna chuig an Bhord.
Atoghadh an Cathaoirleach atá ag dul as oifig, an Clr Donal Coyle ar na mallaibh, agus ba mhaith liom gach rath a ghuí air féin agus ar ár Leas-Chathaoirleach nua, an tUasal Geoffrey Browne agus iad i mbun a róil don bhliain atá romhainn. Gabhann muid buíochas agus moladh leis an Chomhairleoir Coyle as a chuid oibre le linn 2024 agus aithníonn muid fosta an Comhairleoir Rena Donaghey, an Leas-Chathaoirleach atá ag dul as oifig.
Is mian liom cuimhneamh orthu siúd go léir nach bhfuil linn, faraor, a thuilleadh agus mo chomhbhrón ó chroí a ghabháil le gach duine a chaill duine muinteartha le linn 2024. Bíonn an Nollaig doiligh i dtólamh orthu siúd a bhíonn ag caoineadh a ngaolta ach tá sé thar a bheith tábhachtach do gach duine a gcuimhne a choinneáil beo.
Tá bliain nua ag druidim linn agus leis an bhliain nua tagann an deis chun machnamh a dhéanamh agus chun amharc chun tosaigh ach thar aon rud eile guím sláinte mhaith daoibh féin agus do bhur dteaghlaigh agus muintir. Bíodh sos sábháilte síochánta agaibh le linn na Nollag agus na Bliana Úire. Tá muid ag súil go dóchasach le 2025 agus le leanúint ar aghaidh lenár gcuid oibre thar ceann mhuintir Dhún na nGall.