Rath na Mac Léinn a Cheiliúradh ag Ionad FET Leitir Ceanainn ag Ócáid na nGradam

Group of people with certificates.

Group of people sitting in a room.

Tháinig daichead mac léinn Breisoideachais agus Oiliúna (FET), a chríochnaigh a gcuid staidéir i mí na Bealtaine na bliana seo, le chéile i Leitir Ceanainn Déardaoin seo a chuaigh thart, an 28 Samhain, chun réimse leathan gradam a fháil ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB).

In éineacht leo san Ionad FET ar Bhóthar an Chalafoirt i Leitir Ceanainn, chun a n-éachtaí iontacha a cheiliúradh agus chun aitheantas a thabhairt dá n-obair chrua, dá dtiomantas agus dá sármhaitheas, bhí a dteaghlaigh, a gcairde, oideachasóirí agus aíonna ar tugadh cuireadh dóibh.

Leag an imeacht béim ar nádúr bunathraithe na gcúrsaí atá á dtairiscint san ionad agus ar bhonn níos leithne ar fud an chontae ag Seirbhís FET ETB Dhún na nGall.

Person speaking at a podium.
An Clr. Donal Coyle, Cathaoirleach ETB Dhún na nGall.

Bhronn Cathaoirleach ETB Dhún na nGall, an Clr. Donal Coyle, gradaim thar réimse chúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha, ina measc Scileanna Digiteacha na hOifige agus Riarachán, Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige, Scileanna Seirbhíse Sláinte, Staidéar Míchumais Intleachta agus an Ardteistiméireacht.

Sular bhronn sé na gradaim, rinne an Clr Coyle machnamh ar na dúshláin a bhí le sárú ag go leor mac léinn agus iad ag pilleadh ar an oideachas mar dhaoine fásta agus mhol sé a gcumas constaicí a shárú, a gcuid scéalta a athscríobh agus deiseanna nua a aimsiú don saol atá rompu.

Agus aitheantas á thabhairt aige do dhúthracht na foirne a raibh ról lárnach acu i dtreorú agus i gcumasú na mac léinn, dúirt an Clr Coyle, “Tá níos mó sna teastais atá agaibh inniu ná cáilíochtaí – is siombail iad dʼacmhainneacht, de chlaochlú agus de thús úr.”

Spreagadh céimithe chun na ceachtanna maidir le hobair foirne, féinmhuinín agus buanseasmhacht a thabhairt leo agus iad ag tabhairt faoi chosáin nua ina ngairmeacha beatha agus ina bpobail.

Group of people with certificates.
Mic léinn i Scileanna Digiteacha na hOifige agus Scileanna Digiteacha Riaracháin.

Labhair beirt iarscoláirí faoina dturais foghlama phearsanta féin i ndiaidh dóibh aghaidh a thabhairt ar athruithe saoil agus gairme. Thug siad achoimre ar an deis a tugadh dóibh maidir le scileanna nua a fhorbairt, chomh maith leis an tacaíocht a tugadh dóibh agus ar an dóigh ar cumasaíodh iad le linn a dtréimhse san ionad.

Labhair Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh ar éachtaí suntasacha na mac léinn a bhí i láthair agus leag sí béim ar an mhéid conairí foghlama atá ar fáil taobh istigh de Sheirbhís FET an ETB, agus mhol sí dúthracht na ndaoine a raibh gradaim á mbronnadh orthu.

Group of people with certificates.
Mic léinn na hArdteiste agus Ríomhairí.

Dúirt Bainisteoir Ionaid FET agus Oifigeach Oideachais Aosaigh, Charles Gorney, “Bíonn ár n-imeachtaí bronnta spreagúil i gcónaí. Tugann sé deis ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí suntasacha ár gcuid mac léinn agus ar thiomantas gan staonadh na foirne. Taispeánann an ócáid fosta an tionchar sochaíoch níos leithne atá ag breisoideachas agus oiliúint ar phobail Dhún na nGall. Tá muid millteanach bródúil as ár gcuid mac léinn agus as an tionchar a bhí ag ár n-ionad agus ag ár bhfoireann agus tá muid ag dúil go mór leis na mic léinn a bhí againn san am a chuaigh thart agus ár mic léinn reatha a fheiceáil ag bláthú amach anseo.

Group of people with certificates.
Mic léinn Scileanna Seirbhíse Sláinte.

“Caithfidh muid aitheantas a thabhairt dóibh go léir as a ndíograis agus a dtiomantas agus na cúrsaí á dtabhairt i gcrích acu agus as an chéim seo a ghlacadh i dturas foghlama, turas a mhairfidh ar feadh an tsaoil, le cuidiú Dé” a dúirt sé.

Cuireann Ionad FET an ETB ar Bhóthar an Chalafoirt, Leitir Ceanainn raon clár lánaimseartha agus páirtaimseartha FET ar fáil ó mhí Mheán Fómhair go mí na Bealtaine achan bhliain atá oscailte dóibh siúd ar mian leo leanúint lena gcuid staidéir nó dul ar aghaidh chuig breisoideachas agus ardoideachas nó isteach sa lucht saothair.

Group of students with certificates.
Mic léinn Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige.

Tá tuilleadh eolais faoi chúrsaí le fáil ar aimsitheoir cúrsaí, ar shuíomh gréasáin ETB Dhún na nGall (www.donegaletb.ie/fetcoursefinder) nó trí theagmháil a dhéanamh leis an ionad ar an ghuthán (074 9706047) nó trí ríomhphost (fetcentreletterkenny@donegaletb.ie).

Image credit: Clive Wasson Photography for Donegal ETB

Students with certificates.
Mic léinn Staidéar Míchumais Intleachta.