Seolann Comhpháirtíocht Réigiúnach Litearthachta Dhún na nGall Plean Gníomhaíochta 2024

Group of people standing on steps at the front of a building.

Sheol Comhpháirtíocht Réigiúnach Litearthachta d’Aosaigh Dhún na nGall Plean Gníomhaíochta 2024 inniu ar Lá Idirnáisiúnta na Litearthachta, an 8 Meán Fómhair.

Agus duine as gach cúigear duine fásta ag streachailt le gnáth-théacs laethúil a léamh agus a thuiscint, duine as gach ceathrar ag streachailt le huimhreacha ó lá go lá agus duine as gach beirt a bhíonn deacrachtaí acu le tascanna digiteacha, tá plean gníomhaíochta forbartha ag an Chomhpháirtíocht ina mbeidh an 15 bhalleagraíocht ag obair le chéile chun líon na n-aosach ar fud Dhún na nGall a bhfuil scileanna litearthachta nach ndéantar freastal orthu a laghdú.

Tá an Plean Gníomhaíochta dírithe ar chomhoibriú idir balleagraíochtaí a thuigeann an tábhacht a bhaineann le litearthacht agus gur féidir le litearthacht an saol a athrú. Tá gealltanas tugtha ag na heagraíochtaí seo comhoibriú lena chéile chun fíordhifríocht a dhéanamh maidir leo siúd a bhfuil an gá is mó acu maidir le tacaíocht litearthachta, tacaíocht litearthachta sláinte agus airgeadais a fhorbairt, stiogma a laghdú agus feasacht á múscailt, Béarla simplí a chur chun cinn agus cuir chuige nuálacha a spreagadh.

Áirítear i measc na gcomhaltaí comhpháirtíochta:

  1. Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall
  2. Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall (Comhairle Contae Dhún na nGall)
  3. Gréasán Teagmhála Baile Scoile agus an Phobail (TBSP) Dhún na nGall
  4. Gréasán Ionaid Acmhainní Teaghlaigh (IATanna)
  5. Cuideachta Forbartha Áitiúla Dhún na nGall
  6. Páirtíocht Forbartha Inis Eoghain
  7. Ionad Saorálaí Dhún na nGall
  8. Ardán Idirchultúrtha Dhún na nGall
  9. Tionscadal Lucht Siúil Dhún na nGall
  10. Cur chun cinn agus Feabhsú na Sláinte de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
  11. Coiste Cúram Páistí Chontae Dhún na nGall
  12. Seirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh Dhún na nGall
  13. An Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS)
  14. Fóram Scileanna Réigiúnach an Iarthuaiscirt
  15. Muintearas na Gaeltachta

Féadfar an Plean Gníomhaíochta a léamh anseo.

Cuireann ETB Dhún na nGall ranganna litearthachta d’aosaigh ar fáil go páirtaimseartha tríd a Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET). Má tá cuidiú nó comhairle ag teastáil ar son duine eile, déan teagmháil le Teresa Kealy ar 074 9153194.

Cuireann Adele McElhinney, Comhordaitheoir Réigiúnach Litearthachta ETB Dhún na nGall, oiliúint ar Fheasacht Litearthachta saor in aisce ar fáil d’eagraíochtaí a bhíonn ag plé leis an phobal agus ag tacú leo a bheith báúil le litearthacht. Chun tuilleadh eolais a fháil air sin, déan teagmháil le Adele ar 086 0849284.