Déanann Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Comhghairdeas le Daltaí na hArdteiste as a dTorthaí

Image of Chief Executive Anne McHugh
Image of Chief Executive Anne McHugh
Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh.

Rinne Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall, Anne McHugh, comhghairdeas le scoláirí a fuair a gcuid torthaí Ardteistiméireachta, Ardteistiméireachta Feidhmí agus Ghairmchlár na hArdteistiméireachta inniu.

Bainistíonn ETB Dhún na nGall cúig iar-bhunscoil déag as na 27 iar-bhunscoil i gContae Dhún na nGall agus is comhiontaobhaí é le haghaidh na n-ocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheacha sa chontae.

Agus í ag labhairt níos luaithe, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh, “Thar ceann ETB Dhún na nGall, ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le beagnach 900 scoláire Ardteistiméireachta, Ardteistiméireachta Feidhmí agus GCAT inár gcúig iar-bhunscoil déag, leis na céadta i bPobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha sa chontae agus leis an deichniúr scoláire fásta Ardteistiméireachta ónár nIonad Breisoideachais agus Oiliúna i Leitir Ceanainn (Bóthar an Phoirt) a fhaigheann a gcuid torthaí inniu.”

Ghabh sí buíochas le scoláirí, tuismitheoirí agus daoine fásta as scoil nó ionad FET de chuid ETB Dhún na nGall a roghnú dá gcuid oideachais: “Tá muid bródúil as ár ndícheall a dhéanamh chun na caighdeáin is airde teagaisc agus foghlama a sholáthar dár gcuid scoláirí le go mbeidh siad in ann a lánacmhainneacht a bhaint amach,” a dúirt sí.

Agus í ag aithint iarracht iontach na scoláirí, dhírigh sí aird ar an tacaíocht a thug a dtuismitheoirí, a dteaghlaigh agus a múinteoirí chun cuidiú leo tríd an eispéireas iomlán, agus ghuigh sí gach rath ar gach duine atá ag cur isteach ar níos mó staidéir a dhéanamh nó ag pleanáil le dul díreach chuig fostaíocht.

Bhain scoláirí na bliana seo leas as coigeartú iarmharcála don am deiridh toisc nach raibh deis ag go leor de rang 2024 scrúduithe na Sraithe Sóisearaí a dhéanamh.

Is toradh é sin ar dheimhniú an Aire Foley i mí Aibreáin go gcuirfear tús leis an phróiseas chun torthaí na hArdteistiméireachta a thabhairt ar ais go dtí na leibhéil a bhí ann roimh an phaindéim do scoláirí 2025 agus gur próiseas céim ar chéim a bheidh ann, ag teacht lena gealltanas nach mbeadh aon bhagairt ag an am céanna maidir le filleadh ar na torthaí a bhí ann roimh an phaindéim.

Dúirt Ann McHugh go raibh sí thar a bheith sásta go raibh dáta na dtorthaí tugtha chun tosaigh i mbliana mar go mbíonn an oiread ama agus is féidir de dhíth ar scoláirí agus ar a dteaghlaigh chun socruithe a dhéanamh maidir leis na roghanna i ndiaidh na meánscolaíochta, a bhfuil go leor acu ann.

“Agus scoláirí ag dul isteach sa chéad chéim eile seo dá saol i gcomhthéacs an domhain seo atá ag síorathrú ó bhliain go bliain, tá sé ríthábhachtach go lorgódh scoláirí ar mhaith leo féachaint arís ar a gcuid roghanna comhairle ón réimse leathan foinsí atá ar fáil dóibh,” a dúirt sí.

Ina measc seo, tá teaghlach, cairde, treoirchomhairleoirí agus a gcuid taighde féin. Tá ár ndaoine óga tar éis foghlaim faoi conas dul in oiriúint go gasta le bealaí nua oibre le blianta beaga anuas agus tá siad tar éis a fhoghlaim conas a bheith cruthaitheach agus, thar aon ní eile, acmhainneach. Seasfaidh sé sin leo agus iad ag dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile dá saol.”

Chuir sí i gcuimhne do scoláirí, ó thaobh dul chun cinn de, “Cuireann Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall réimse leathan cúrsaí ar fáil chun freastal ar riachtanais dul chun cinn. Tá an-chuid deiseanna ann fosta tuilleamh agus foghlaim trínár Seirbhís FET – ní gá do scoláirí dul chuig codanna eile den tír chun a n-aislingí a fhíorú. I measc na ndeiseanna sin tá printíseachtaí, cúrsaí iar-Ardteistiméireachta, socrúcháin oibre agus réimse leathan cúrsaí oiliúna lánaimseartha eile ar fáil trínár Seirbhís FET. Tá céimeanna treasacha ar fáil fosta, rud a ligeann do scoláirí a gcéim a thosú linn anseo i Leitir Ceanainn agus ansin dul ar aghaidh go dtí an OTA chun í a chríochnú.”

Image of 2-24-2025 FET Prospectus cover.
Réamheolaire Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall 2024-2025.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi chúrsaí breisoideachais agus oiliúna (FET) a chuireann ETB Dhún na nGall ar fáil ina Réamheolaire FET 2024-2025 nuafhoilsithe ar a shuíomh gréasáin anseo agus ar a shuíomh gréasáin Aimsitheoir Cúrsa www.donegaletb.ie/fetcoursefinder. Tá eolas maidir le céimeanna treasacha ar fáil ag www.nto.ie.

Tá eolas mínitheach ar gach réimse FET, lena n-áirítear printíseachtaí, le fáil sa rannán ‘Míniú ar Chláir FET’ de shuíomh gréasáin an ETB – https://www.donegaletb.ie/further-education-training/fet-programmes-explained/ agus lean Cuntais ETB Dhún na nGall ar na meáin shóisialta (Facebook, Instagram agus X/Twitter) faoi choinne an eolais is déanaí.

Thug an Príomhfheidhmeannach le fios fosta, go bhfuil roghanna éagsúla ann do na scoláirí sin a mhothaíonn nár éirigh leo na torthaí a bhí uathu a bhaint amach. Ba cheart dóibh dul trí na roghanna sin leis an Treoirchomhairleoir scoile nó ionaid.

“Cuireann ETB Dhún na nGall deiseanna foghlama ar fáil fosta trínár gclár Ógtheagmháil inár sé ionad ar fud an chontae do dhaoine óga atá idir 16-20 bliain d’aois nár oibrigh an Ardteist amach dóibh,” a dúirt sí.

Ar deireadh, chuir sí an méid seo a leanas i gcuimhne do na scoláirí, “Tá an oiread sin bealaí éagsúla ann chun do spriocanna a bhaint amach agus is eispéireas foghlama den scoth ann féin é, a bheith cruthaitheach agus do chonair féin á mapáil agat.”