Maoiniú €218,000 Reach leithdháilte ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall chun tacú le rannpháirtíocht i gcláir oideachais pobail

Donegal ETB Logo

Donegal ETB Logo

Tá €218,000 leithdháilte ag SOLAS, an ghníomhaireacht stáit atá freagrach as Breisoideachas agus Oiliúint (FET), ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, chun tacú le foghlaimeoirí imeallaithe fáil a bheith acu ar chláir oideachais pobail i bpobail áitiúla, trí €5 mhilliún de mhaoiniú náisiúnta Reach.

Tacóidh an maoiniú de €218,000 le chóir a bheith 5,500 foghlaimeoir ar fud cheantar Dhún na nGall fáil a bheith acu ar sholáthar oideachais pobail áitiúil agus páirt a ghlacadh ann lena n-áirítear cláir chomhshaoil, dhigiteacha agus chuimsithe.

Bainfidh tionscadail áitiúla ar an láthair úsáid as an mhaoiniú a leithdháiltear ar fhoghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste ar fud réigiún Dhún na nGall. I measc na dtionscadal seo tá Grúpa de Scríbhneoirí Cruthaitheacha Pen2Paper i mBaile Dhún na nGall le haghaidh tionscadail um scríbhneoireacht chruthaitheach agus um scileanna digiteacha, Ardán Idirchultúrtha Dhún na nGall i Leitir Ceanainn dá dtionscadal ‘Oiliúint Ateangaire agus Ceardaíocht Idirchultúrtha Pobail’, Bothán na bhFear Mhainéar Uí Chuinneagáin do thionscadal adhmadóireachta agus deileadh adhmaid, Cill Ulta ar an Fhál Carrach dá dtionscadal ‘Feasacht ar an Bhithéagsúlacht’ agus “Ceird don Dúlra” agus Ionad Acmhainní Teaghlaigh Bhun an Phobail do thionscadal um bonneagar digiteach á fheabhsú.

Ag labhairt dó ar leithdháileadh maoiniú Reach ar fud na hÉireann, dúirt an tAire Patrick O’Donovan TD: “Tá tionchar maoiniú Reach le ceithre bliana anuas soiléir. Glacadh isteach é ar dtús in 2020 chun tacú leis na foghlaimeoirí is mó faoi mhíbhuntáiste le linn dhúshláin na paindéime COVID-19, agus cuireann sé cistí tábhachtacha ar fáil anois chun cuidiú le ETB Dhún na nGall, agus soláthraithe oideachais pobail, a gcumas a mhéadú agus chun a chinntiú gur féidir leo tacú le rannpháirtíocht foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste laistigh dá bpobail.”

Dúirt Ciaran O’Brien, Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall: “Tá lúcháir orainn maoiniú de €218,000 a fháil chun tacú le soláthraithe oideachais pobail i nDún na nGall. Cuireann an maoiniú ríthábhachtach seo tacaíochtaí suntasacha ar fáil chun foghlaim i bpobail áitiúla a éascú. Bainfear úsáid as an mhaoiniú chun foghlaim chruthaitheach agus téamaí comhshaoil agus inbhuanaitheachta a chur chun cinn agus chun deiseanna cuimsitheachta a fhorbairt trí ghairneoireacht agus ealaíona agus ceardaíochta traidisiúnta. Éascaíonn an Ciste Reach fosta tionscadail a fhéachann le bonneagair dhigiteacha foghlama a fheabhsú.”

Ó 2020 i leith, tá maoiniú Reach faighte ag na mílte tionscnamh a chuidigh le foghlaimeoirí a chumhachtú, ag tógáil bonneagar digiteach chun cuimsiú a chothú agus chun tacaíocht a thabhairt don fhoghlaim i réigiún Dhún na nGall agus ar fud na hÉireann. Chuidigh sé le spásanna sábháilte foghlama a fhorbairt, aghaidh a thabhairt ar an deighilt dhigiteach, pobail foghlama níos láidre a thógáil, agus cumas eagraíochtaí oideachais pobail ar fud na bpobal áitiúil a mhéadú.

Dúirt Andrew Brownlee, POF SOLAS, an tÚdarás Breisoideachais agus Oiliúna: “Tá ról ríthábhachtach agus uathúil ag oideachas pobail sa chóras FET, agus i bpobail áitiúla i nDún na nGall, agus ar fud na hÉireann. Cuireann sé deiseanna foghlama áitiúla, inrochtana agus fáilteacha ar fáil do dhaoine aonair agus is féidir leis na deiseanna seo tacaíocht a thabhairt do dhaoine a gcuid spriocanna pearsanta, sóisialta agus oideachais a bhaint amach. Tá lúcháir orainn leanstan de mhaoiniú Reach a chur ar fáil in 2024 agus is léir dúinn go pearsanta an difríocht atá á déanamh aige do ETB Dhún na nGall agus ar fud na tíre maidir le tacaíocht a thabhairt dóibh siúd is mó a dteastaíonn tacaíocht uathu.

Ó 2020 i leith, tá tacaíocht tugtha do bhreis is 2,300 tionscadal aonair trí Mhaoiniú Reach agus tá an t-éileamh ag méadú bliain i ndiaidh bliana. Is léiriú é seo ar an obair dhochreidte atá ar siúl ag ETBanna agus comhpháirtithe pobail ag an leibhéal áitiúil agus iad ag obair chun dul i ngleic le bacainní a chuireann cosc ar fhoghlaimeoirí rochtain a fháil ar oideachas agus a thacaíonn le foghlaimeoirí dul i ngleic leis an soláthar áitiúil arís agus páirt a ghlacadh.”