Comhdháil an Iarthuaiscirt sa Todhchaí 2024

Seven people standing side by side.
Seven people standing side by side.
An Dr Orla Flynn (Uachtarán, OTA), Danny McCoy (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, CGFÉ), an tOllamh Paul Bartholomew (Leas-Seansailéir, Ollscoil Uladh), Paul Hannigan (Ceann Coláiste, OTA), Patrick O’Donovan (An tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta), Leo Murphy (Príomhoide agus Príomhfheidhmeannach, Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt), Anne McHugh (Príomhfheidhmeannach, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall).

Ar an Chéadaoin, an 29 Bealtaine 2024, d’óstáil Ollscoil Uladh comhdháil chomhpháirteach leis an Lárionad um Staidéar Trasteorann agus Braisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt. Bhí fócas na comhdhála go mór ar an todhchaí agus ar an athrú inmhianaithe a thiocfaí a bhaint amach d’Éirinn agus do Thuaisceart Éireann trí phleanáil níos comhleanúnaí.

Ag ceiliúradh 25 bliain ar an fhód i mbliana, is eagraíocht neamhspleách é an Lárionad um Staidéar Trasteorann (LST), tá stádas carthanachta aige agus tá sé lonnaithe in Ard Mhacha. Trí chumhacht a thabhairt do shaoránaigh agus cumas a thógáil ar fud earnálacha, cuireann an Lárionad comhoibriú praiticiúil trasna na teorann ar an oileán seo chun cinn, agus tacaíonn sé leis mar chuid den phróiseas leanúnach síochána agus athmhuintearais, chomh maith le comhoibriú idir oileán na hÉireann agus an Bhreatain Mhór, an Eoraip agus níos faide i gcéin chun comhthuiscint, rathúnas agus folláine a mhéadú. Cuireann an Lárionad faisnéis agus comhairle phraiticiúil ar fáil fosta dóibh siúd a thrasnaíonn an teorainn le maireachtáil, le hoibriú, le staidéar a dhéanamh nó le dul ar scor – is iad faisnéis agus comhairle atá á lorg níos mó agus níos mó i gcomhthéacs an Bhreatimeachta.

Is comhghuaillíocht straitéiseach bhunaithe é Braisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt (BOTI) anois de na ceithre sholáthraí oideachais tríú leibhéal atá maoinithe go poiblí i Réigiún Iarthuaisceart na Cathrach: Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA), Ollscoil Uladh (OU), Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt, agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall. Cuireann an chomhpháirtíocht dhomhain seo an raon iomlán de sheirbhísí oideachais ar fáil, oiliúint ardscileanna, tacaíochtaí nuálaíochta ceannródaíocha don fhiontraíocht, agus taighde ardcháilíochta a aithnítear go hidirnáisiúnta san áireamh.

Labhair na hairí sa dá dhlínse atá freagrach as ardoideachas, an tUasal Conor Murphy CTR, an tAire Geilleagair agus an tUasal Patrick O Donovan TD, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta ag an chomhdháil.

Ag labhairt dó ag an chomhdháil, dúirt an tAire O’ Donovan “Tá lúcháir orm a bheith anseo in Ollscoil Uladh ar maidin, chun labhairt ag comhdháil an lae inniu. Tá Braisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt (BOTI) tagtha chun cinn mar bhranda agus mar chomhpháirtíocht fhiúntach chun díriú ar thacú le forbairt an Réigiúin seo. Bhí sé chun tosaigh maidir le hoideachas, oiliúint ardscileanna, nuálaíocht cheannródaíoch, seirbhísí fiontraíochta agus taighde ardcháilíochta a aithnítear go hidirnáisiúnta a chur chun cinn agus aird a dhíriú orthu sa réigiún seo”.

Bhí iarEagarthóir RTÉ an Tuaiscirt, Tommie Gorman ina óstach ar an imeacht a thosaigh le plé ar oideachas comhtháite agus an teorainn agus a chuaigh ar aghaidh le díriú ar an dóigh le forbairt eacnamaíoch a chothú san Iarthuaisceart. Thug an tUasal Danny McCoy, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin CGFÉ an phríomhóráid; Bhí Danny ina eacnamaí sinsearach roimhe seo san Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES) agus i mBanc Ceannais na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

Bhí ionadaithe móra fiontraíochta ón réigiún agus na gníomhaireachtaí forbartha ón dá thaobh den teorainn páirteach sa phlé painéil a scrúdaigh na deiseanna atá ar fáil don Iarthuaisceart trí chomhoibriú straitéiseach comhleanúnach. Cuireadh deireadh le comhdháil an-spreagthach a raibh ábhar machnaimh ann, agus na ceannairí ó na ceithre chomhpháirtí BOTI ag leagan amach tosaíochtaí oideachais tríú leibhéal don Iarthuaisceart amach anseo.

“Ba phribhléid é Comhdháil an Iarthuaiscirt sa Todhchaí a óstáil ag Ollscoil Uladh i nDoire,” a dúirt an tOllamh Paul Bartholomew, Leas-Seansailéir Ollscoil Uladh. “Tá lúcháir orainn gur éirigh leis an chomhdháil suim airí ó Phoblacht na hÉireann agus ó Thuaisceart Éireann araon a fháil, in éineacht lenár gcairde ó Bhraisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt. Le chéile, tá todhchaí an oideachais threasaigh ar an oileán seo á múnlú againn agus tá muid ag tabhairt tosaíochta d’oideachas treasach a chur chun cinn san Iarthuaisceart. Ba mhór an sásamh dúinn an spiorad comhoibritheach agus an fhís chomhroinnte a fheiceáil anseo inniu.”

Dúirt an Dr Orla Flynn, Uachtarán Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh: “Bhí an chomhdháil an-spreagúil, agus thug sí tacaíocht láidir do Bhraisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt. I rith an lae, fuair muid go leor samplaí d’fhianaise inláimhsithe de chomhoibriú domhain ar fud na gcomhpháirtithe oideachais, an rialtais áitiúil agus na hearnála príobháidí. Thug an chomhdháil fíorfhís do thodhchaí nasctha inar féidir leis an Iarthuaisceart a bheith ina eiseamláir do chomhoibriú bunathraithe.”

Thug Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, Anne McHugh, faoi deara an tábhacht a bhaineann leis an obair chomhoibríoch seo: “Is ceann dár dtosaíochtaí é ról ceannaireachta a ghlacadh i gcruthú comhpháirtíochtaí áitiúla agus réigiúnacha a fheabhsóidh torthaí oideachais, sóisialta agus eacnamaíocha do Dhún na nGall. Tá an comhoibriú seo le OTA, le Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt agus le hOllscoil Uladh, trí Bhraisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt, maidir le breisoiliúint agus le hathoiliúint, tábhachtach go straitéiseach d’ardú an réigiúin trasteorann seo amach anseo.”

Dúirt Leo Murphy, Príomhoide agus Príomhfheidhmeannach Choláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt gur chuir sé “Fáilte roimh chomhdháil BOTI in Ollscoil Uladh agus gur chuir sé ardán den scoth ar fáil chun an nuálaíocht agus an obair scileanna atá ar siúl ar fud na gceithre institiúid chun cuidiú leis an réigiún cathrach seo a thógáil a thaispeáint.”