Leas-Phríomhoide nua ceaptha ar Choláiste Pobail Bhun an Phobail

Image of a person
Image of a person
Sue Donaghy, Leas-Phríomhoide Choláiste Pobail Bhun an Phobail nuacheaptha.

Tá sé fógartha ag Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall, go bhfuil an tUasal Sue Donaghy ceaptha mar Leas-Phríomhoide nua ar Choláiste Pobail Bhun an Phobail.

Tá an scoil ar cheann de thrí iar-bhunscoil in Inis Eoghain atá faoi bhainistíocht ETB Dhún na nGall agus tá daonra scoile os cionn 600 dalta aici.

As Carn Domhnach ó dhúchas do Sue, agus bhain sí céim ghnó agus ríomhaireachta amach ó Ollscoil Uladh agus Ard-Dioplóma san Oideachas ó UCD. Chuir sí lena hoideachas trí MSc i mBainistíocht Oideachais a bhaint amach ó Ollscoil Uladh agus trí Dhioplóma Iarchéime sa Treoirchomhairleoireacht Oideachais a bhaint amach ó Ollscoil Mhá Nuad.

D’oibrigh sí i gColáiste Pobail Bhun an Phobail ó 2004 i leith, mar mhúinteoir gnó ar dtús agus ina dhiaidh sin ceapadh ina Príomhoide Cúnta í in 2009. Ghlac Sue ról mar Chomhairleoir Treorach in 2018, agus thacaigh sí le daltaí agus le tuismitheoirí i róil éagsúla thar na blianta, lena n-áirítear Comhordaitheoir Cláir, Comhordaitheoir Tacaíochta do Dhaltaí agus Ceann Bliana.

Dúirt Sue faoina ceapachán nua: “Tá lúcháir orm a bheith ceaptha mar Leas-Phríomhoide i gColáiste Pobail Bhun an Phobail agus tá mé ag dúil le bheith ag obair agus ag tacú leis na daltaí díograiseacha, leis an fhoireann thiomanta agus leis an phobal tacúil. Is áit chomhbhách é Coláiste Pobail Bhun an Phobail le bheith ag obair agus ag staidéar ann. Cothaíonn sé sármhaitheas san oideachas agus ag an am céanna tugann sé aire do riachtanais aonair an dalta ar bhealach cuimsitheach agus measúil, á spreagadh le bheith chomh maith agus is féidir leo a bheith. Tá mé ag tnúth leis an ról nua agus tá mé ar bís le bheith mar chuid de thodhchaí na scoile..”

Two people shaking hands with each other.
Sue Donaghey Leas-Phríomhoide nuacheaptha Choláiste Pobail Bhun an Phobail le Stiúrthóir Scoileanna Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley.

Agus é ag déanamh comhghairdis le Sue ar a ceapachán, dúirt an Dr Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Sue ar a ceapachán mar Leas-Phríomhoide eile i gColáiste Pobail Bhun an Phobail. Tá mé muiníneach go gcuideoidh a ceannaireacht le dul chun cinn na scoile. Beidh Sue ag obair lenár bPríomhoide, an tUasal Caroline Doherty, agus an Leas-Phríomhoide reatha Christopher Hegarty mar chuid d’fhoireann shinsearach ceannaireachta na scoile.

Tá mé ag dúil leis an tionchar dearfach a bheidh acu a fheiceáil ina róil faoi seach de réir mar a leanann tógáil na scoile ar aghaidh,” a dúirt sé.

Tá Coláiste Pobail Bhun an Phobail ar cheann de chúig scoil déag de na seacht n-iar-bhunscoil is fiche sa chontae atá faoi bhainistíocht ETB Dhún na nGall, an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae, agus is comhpháirtí iontaobhaí fosta d’ocht gcinn de Phobalscoil agus de Scoileanna Cuimsitheacha eile sa chontae é an ETB. D’fhreastail níos mó ná 5,900 dalta ar iar-bhunscoileanna ETB Dhún na nGall sa scoilbhliain 2023/24.

Cuirfidh Sue tús lena post ar an 01 Meán Fómhair.