Inniu, d’oscail an tAire Ardoideachais agus Breisoideachais, Oiliúna agus Fostaíochta, Simon Harris, T.D., Ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall ar Bhóthar an Chalafoirt i Leitir Ceanainn go hoifigiúil.
Rinneadh an-athchóiriú ar an fhoirgneamh i 2022 le háis múinteoireachta agus foghlama úrscothach ar astaíochtaí ísle carbóin a thógáil i gcroílár an bhaile is mó i nDún na nGall. Naoi seomra atá anois ann ar dhá urlár, lena n-áirítear dhá sheomra ríomhaireachta agus saotharlann eolaíochta, le spás le haghaidh 135 mhac léinn.
Dearadh na seomraí uilig mar sheomraí ilfheidhmeacha a bheadh in ann freastal ar rogha ábhar agus disciplín foghlama. Áirítear na nithe seo a leanas leis na cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha atá le roghnú: Scileanna Digiteacha na hOifige, Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige, Ranganna Béarla, agus an chéad bhliain i gcéimeanna treasacha. Tá na cláir uilig creidiúnaithe faoin Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí ó Leibhéal 1-6.
Tá ceann de na sé Mhol Digiteacha arna gcur ar fáil sa chontae ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) san ionad fosta, a thugann tacaíocht foghlama le cuidiú teicneolaíochta don fhoireann agus do na mic léinn.
Agus í ag labhairt ag an oscailt, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, “Tá muid an-bhródúil as ár n-ionad nua i gcroílár Leitir Ceanainn. Tá sé mar thoradh ar chuid mhaith dúthrachta agus tiomantais dár mic léinn a bhfuil an ceart acu a bheith ag foghlaim sa timpeallacht is fearr dá bhfuil muid in ann a chur ar fáil. Tagann an tiomantas sin ón Aire, arna chuimsiú ag ár maoinitheoirí SOLAS, ach thar aon rud eile ón fhoireann FET ar an láthair a raibh ár bhfoirne riaracháin agus tacaíochta ag tabhairt scoth an chuidithe dóibh i rith an ama.”
Dúirt Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall, Ciaran O’Brien, “Tá an-áthas ar ETB Dhún na nGall fáilte a chur roimh an Aire Harris i Leitir Ceanainn leis an Ionad ar Bhóthar an Chalafoirt a oscailt. Tá suíomh idileach, áiseanna úrscothacha, agus foireann iontach an ionaid ríthábhachtach uilig le rogha leathan FET a chur ar fáil i Leitir Ceanainn. Gan amhras, is éard atá san ionad ná sárshampla d’fhís an Aire do thodhchaí FET in Éirinn de réir mar a leagadh amach i Straitéis Náisiúnta Breisoideachais agus Oiliúna, FET na Todhchaí: Ag Athrú na Foghlama ó bhonn.”
D’fhógair an tAire Harris maoiniú infheistíocht chaipitil níos luaithe ag Ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Srath an Urláir le tuilleadh lóistín a chur ar fáil ionas go bhféadfar seirbhísí a sholáthar i dtaca le cúrsaí iar-Ardteistiméireachta (PLC).
Agus an fógra á phlé aige, dúirt an tAire Harris: “Cuirtear feabhas ar an fhoghlaim nuair a chuirtear feabhas ar na háiseanna agus tá fógra an lae inniu mar infheistiú san fhoghlaimeoir. Tá an-áthas orm a fhógairt gur éirigh le bhur moladh faoin ghlao de chlár an Chiste um Uasghrádú Straitéiseach Bhonneagair le háiseanna breise a chur le bhur nIonad Breisoideachais agus Oiliúna anseo i Srath an Urláir.
“Leis seo cumasófar an t-ionad FET le fáilte a chur roimh mhic léinn, le cumas TFC a spreagadh i measc bhur gcuid foghlaimeoirí agus le feabhas a chur ar eispéireas an fhoghlaimeora do mhic léinn agus don fhoireann ag Ionad Breisoideachais agus Oiliúna i Srath an Urláir.”
Tá Ionaid FET Leitir Ceanainn (Bóthar an Chalafoirt) agus Srath an Urláir mar dhá cheann de naoi n-ionad déag atá tiomanta do FET á reáchtáil ag ETB Dhún na nGall timpeall an Chontae.