1,600+ Duine Óg agus Duine Fásta Páirteach i dTionscadal Cleachtas Aisiríoch

Tháinig tionscadal Cleachtas Aisiríoch (RP) ETB Dhún na nGall, arna mhaoiniú ag Síocháin IV, chun críche le gairid i ndiaidh do 1,600 duine óg agus duine fásta ar fud an chontae a bheith páirteach ann le scileanna a fhorbairt chun tacú leo coinbhleacht a réiteach ina saol.

In 2018 d’éirigh le ETB Dhún na nGall €500,000 de mhaoiniú SHÍOCHÁIN IV AE a fháil do thrí thionscadal a thosaigh i mí na Nollag 2018, arna dtacú ag Clár Síochána IV an Aontais Eorpaigh agus arna mbainistiú ag Comhairle Contae Dhún na nGall do Chomhlacht na gClár Speisialta AE (SEUPB).

Dhírigh ceann de na tionscadail sin ar Chleachtais Aisiríocha a fhorbairt in iar-bhunscoileanna, in ionaid Chumasóige agus in eagraíochtaí oibre don óige. Bhí an tionscadal le reáchtáil go dtí Bealtaine na bliana seo ach mar gheall ar bhearta srianta COVID-19 tháinig an tionscadal chun críche níos luaithe ag tús mhí an Mhárta.

Is éard atá i gceist le cleachtais aisiríocha ná amharc ar olc nó éagóir trí lionsa ‘caidrimh’ – ag tuiscint go bhfuil dochar déanta do dhaoine agus do chaidrimh agus lena chois sin ag tuiscint, nuair a dhéantar olc nó éagóir mar sin, go gcruthaíonn sé oibleagáidí agus dliteanais. Díríonn cur chuige cleachtas aisiríoch ar an aighneas a réiteach agus rudaí a chur ina gceart.

D’fhéach tionscadal cleachtas aisiríoch an ETB, arna mhaoiniú ag Síocháin IV, le caidrimh dhearfacha a fheabhsú idir daoine óga agus do dhaoine óga, do bhaill foirne agus d’oibrithe deonacha, le hoiliúint a chur ar rannpháirtithe i gcuir chuige chreidiúnaithe agus neamhchreidiúnaithe maidir le cleachtais aisiríocha a úsáid agus le tuiscint a fhorbairt ar bhealaí malartacha chun déileáil le coinbhleacht.

Tá cleachtais aisiríocha á gcur chun cinn ar bhealach forásach i scoileanna i gCo. Dhún na nGall le roinnt blianta, ag dul siar chuig tionscnamh sa bhliain 2004.  Sa tréimhse 2011-2014, thug an ETB rannpháirt do 3,250 duine óg agus duine fásta i dtionscadal cleachtas aisiríoch, arna mhaoiniú ag Síocháin III, tionscadal a d’fhorbair a dtacar sainscileanna sa réimse sin.

Rinne an tionscadal maoinithe seo de chuid Shíocháin IV tuilleadh forbartha ar an obair sin ar fud an chontae.  Bhí naoi n-ionad déag ar fud an chontae páirteach sa tionscadal idir iar-bhunscoileanna ETB agus neamh-ETB, Ionaid Chumasóige (luathfhágálaithe scoile) agus eagraíochtaí oibre don óige lena n-áirítear: Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall; Coláiste Cranncha, Bun Cranncha; Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth; Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn; Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir; Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir; Pobalscoil Loreto, Baile na nGallóglach; Pobalscoil Bhun an Phobail; Coláiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach; Scoil Chuimsitheach Ríoga agus Prior, Ráth Bhoth; Scoil Mhuire, Bun Cranncha; Gairmscoil Chaitríona, Na Cealla Beaga; Coláiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn; Ionaid Chumasóige Bhéal Átha Seanaidh, Bhun Cranncha/Ghleann Gad, Ghort an Choirce, Leitir Ceanainn agus Leifir agus Foróige.

Chuir sainoiliúnóirí oiliúint ar dhaltaí, ar bhaill foirne agus ar oibrithe deonacha na scoileanna, na n-ionad Cumasóige agus Fhoróige, agus rinne baill foirne breis oiliúna lena gcuid daltaí agus le daoine óga.   Mar shampla, d’fhorbair na daltaí a d’fhreastail ar ionaid Chumasóige Bhun Cranncha agus Ghleann Gad obair ealaíne a d’úsáid siad mar pháirt de phreab-bhrataigh le cur ar taispeáint ina gcuid ionad.

D’úsáid na daoine óga ó Fhoróige a ghlac páirt sa tionscadal na scileanna úra a d’fhoghlaim siad le físeán gearr beochana le cleachtais aisiríocha a mhíniú do dhaoine óga eile.

D’fhorbair daltaí ag Coláiste na Daoile póstaeir agus preab-bhrataigh le cur ar taispeáint thart ar a scoil go ceann i bhfad i ndiaidh don tionscadal a theacht chun deiridh.  Mhínigh an Leas-Phríomhoide Danny McFadden, “Le hocht mí dhéag anuas, ghlac Coláiste na Daoile páirt i dTionscadal Cleachtas Aisiríoch Shíocháin IV an ETB, tionscadal a chuir oiliúint ar fhoireann na scoile i gcoincheap na gcleachtas aisiríoch mar mhodh chun déileáil le coinbhleacht laistigh den scoil.

“Tá Cleachtas Aisiríoch mar chuid lárnach den bhainistíocht ranga do gach múinteoir sa scoil anois agus nuair a bhíonn siad ag déileáil le coinbhleacht, tá múinteoirí oilte le saincheisteanna a thabhairt faoi deara a d’fhéadfadh a bheith taobh thiar den drochiompar. Trí aghaidh a thabhairt ar chúiseanna an iompair seachas pionós a chur ar dhalta go díreach, chruthaigh sé cultúr trédhearcachta agus cothroime maidir le cód iompair na scoile.”

Lean sé ar aghaidh agus mhínigh gur cuireadh oiliúint ar dhaltaí, ar baill iad den Chomhairle Daltaí agus den Fhoireann Ceannaireachta Scoile, maidir leis an chleachtas seo fosta, fad is gur ghlac formhór na ndaltaí páirt i dtionscnaimh éagsúla a bhí cruthaithe ag an tionscadal: “Ghlac an scoil leis an tionscadal seo agus le coincheapa an chleachtais aisiríoch, rud a chruthaigh caidrimh dhearfacha idir baill foirne agus daltaí, agus tá timpeallacht scoile níos cairdiúla agus níos suaimhní ann dá bharr.”

Ina theannta sin, bhí ocht mball foirne agus fiche ó naoi gcinn de na hiar-bhunscoileanna agus ó dhá cheann de na hionaid Chumasóige a bhí páirteach sásta tabhairt faoi Theastas Iarchéime i gCleachtais Aisiríocha le hOllscoil Uladh agus d’éirigh leo an teastas a bhaint amach. Tháinig na baill foirne ó Choláiste Cranncha, Bun Cranncha (4); Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth (3); Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn (3); Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir (1); Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir (1); Pobalscoil Loreto, Baile na nGallóglach (1); Pobalscoil Bhun an Phobail (3); Scoil Chuimsitheach Ríoga agus Prior, Ráth Bhoth (4); Scoil Mhuire, Bun Cranncha (5); ionaid Chumasóige Bhéal Átha Seanaidh (2) agus Ghort an Choirce (1).

Agus í ag caint faoina rannpháirtíocht sa tionscadal, ghabh Leas-Phríomhoide Scoil Chuimsitheach Ríoga agus Prior, Tara Cowan, buíochas le ETB Dhún na nGall as a spreagadh agus a dtacaíocht le linn an tionscadail, ag rá: “Bhí lúcháir orainn a bheith rannpháirteach sa tionscadal. Fad is go bhfuil muid cleachta le RP agus cuireann muid i bhfeidhm sa scoil é, bhí sé go hiontach sainoiliúnóirí a thabhairt isteach sa scoil le tacú linn ár gcuid scileanna a fhorbairt sa réimse sin.”

Tharraing sí aird ar an deis a bhí acu teastas a bhaint amach: “Bhí mé thar a bheith sásta go bhfuair ceathrar dár mbaill foirne, mé féin san áireamh, an seans leis an Teastas Iarchéime a chríochnú le hOllscoil Uladh. Ciallaíonn sé sin go mbeidh croífhoireann ardoilte againn cibé cén uair a bheidh muid ar ais inár scoil le tacú le cur chuige cleachtas aisiríoch maidir lenár gcuid oibre lenár ndaltaí.”

Dúirt duine de na múinteoirí a thug faoin Teastas Iarchéime, “Shíl mé go mb’fhéidir go mbeadh an cúrsa sin dúshlánach ar an ábhar go raibh sé sceidealaithe do gach dara Satharn ach bhí dul amú iomlán orm. Bhí mé ag súil go mór lenár gcuid seisiún i gcónaí. Bhí beirt léachtóirí iontacha ag stiúradh an chúrsa agus chuir siad an-fháilte romhainn; bhí meas acu orainn. Bhí muid ábalta forbairt agus fás go gairmiúil mar gheall ar a gcuid teagaisc. Chas mé le daoine iontacha agus mothaím gur éirigh liom caidrimh láidre a fhorbairt.  D’fhorbair mé mo chuid muiníne maidir le déileáil go haisiríoch laistigh de mo chleachtais oibre agus d’fhoghlaim mé níos mó fúm féin ach fosta faoi mo chomhghleacaithe oibre a bhí ar an chúrsa seo chomh maith.”

Agus í ag caint faoin tionscadal, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, “Bhí lúcháir orainn an maoiniú seo a fháil ón chlár Síocháin IV. Mar ETB i gcontae cois teorann, tá sé tábhachtach go bhfuil baint againn le tacú leis an phróiseas athraithe coinbhleachta anseo sa réigiún seo. Rinne muid é sin trí mhuintir Dhún na nGall a chumasú le caidrimh dhearfacha a fhorbairt tríd an tionscadal seo. Bhí ríméad orm a fheiceáil go raibh roinnt scoileanna neamh-ETB agus Foróige páirteach sa tionscadal. Lig sé sin do roinnt mhaith comhpháirtithe oideachais caidrimh níos dearfaí a fhorbairt, rud atá maith d’aos óg an chontae seo, dar ndóigh.”

Maoiníodh an tionscadal faoi thosaíocht 1 den chlár Síocháin IV, síocháin agus athmhuintearas a chur chun cinn, agus faoi bheart 4.1 de phlean síochána an údaráis áitiúil a dhírigh ar dhea-chaidrimh a chur chun cinn ar bhonn áitiúil agus réigiúnach, caidrimh a bhfuil meas mar chomhartha sóirt acu; déantar ceiliúradh ar éagsúlacht chultúrtha agus tá daoine ábalta maireachtáil, foghlaim agus bualadh le chéile, saor ó chlaontacht, ó ghráin agus ó éadulaingt.

Chuir Oifig an Fheidhmeannais i dTuaisceart Éireann agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail i bPoblacht na hÉireann cistiú meaitseála ar fáil don tionscadal.

 

Foireann Mhúinteoireachta as gach cearn de Chontae Dhún na nGall a chríochnaigh Teastas Iarchéime i gCleachtais Aisiríocha le hOllscoil Uladh trí thionscadail Cleachtas Aisiríoch ETB Dhún na nGall, arna maoiniú ag Síocháin IV.