Déanann Ionad Breisoideachais agus Oiliúna Bhun Cranncha Ceiliúradh ar Rath na Mac Léinn ag Oíche na nGradam

People seated and standing holding certificates.
People seated and standing holding certificates.
Ball Foirne FET le mic léinn a fuair Teastais Foghlama agus Cúraim na Luath-Óige Leibhéal 4 agus 5.

Fuair ​mic léinn Breisoideachais agus Oiliúna (FET) i gceantar Bhun Cranncha teastais chúrsa ag Oíche na nGradam ar an 8 Aibreán, chun éachtaí eisceachtúla na mac léinn a chur cúrsaí CNC Leibhéal 4 agus 5 i gcrích i mBealtaine 2023 agus 2024 a cheiliúradh.

Leag an imeacht béim ar nádúr bunathraithe na gcúrsaí atá á dtairiscint san Ionad FET i mBun Cranncha agus níos leithne ar fud an chontae ag an tSeirbhís FET atá á bhainistiú ag Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall.

Bhí mic léinn, teaghlaigh, oideachasóirí, agus aíonna ar tugadh cuireadh dóibh, le chéile chun obair chrua, dúthracht agus sármhaitheas na mac léinn a aithint, bhain an lucht freastail sult as tráthnóna speisialta. Mar chuid den tráthnóna bhí óráidí agus bronnadh gradam, agus sólaistí beaga ag an deireadh.

FET staff with students who received Level 6 Early Learning and Care and Level 5 Special Needs Assisting certificates. Seated are Michelle Doherty (teacher), Alison Stevenson (teacher), Charles Gorney (Adult Education Officer), Cllr. Donal Coyle (Donegal ETB Chairperson), Danielle McGee (Buncrana FET Centre Manager) and Cliondha Byrne, student speaker.
Ball Foirne FET le mic léinn a fuair Teastais Foghlama agus Cúraim na Luath-Óige Leibhéal 6 agus Teastais Cúntóireachta Riachtanas Speisialta Leibhéal 5. Ina suí tá Michelle Doherty (múinteoir), Alison Stevenson (múinteoir), Charles Gorney (Oifigeach Oideachais Aosaigh), Clr. Donal Coyle (Cathaoirleach ETB Dhún na nGall), Danielle McGee (Bainisteoir Ionaid FET Bhun Cranncha) agus Cliondha Byrne, cainteoir thar ceann na mic léinn.

Bronnadh teastais ar raon cúrsaí a cuireadh ar fáil san ionad lena n-áirítear Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige Céim 1 agus 2, Ríomhghnó, Scileanna Seirbhíse Sláinte, Leabharchoimeád Láimhe agus Ríomhairithe, Cúntóireacht Riachtanas Speisialta, Cúram do Pháistí a bhfuil Riachtanais Bhreise acu agus Ceadúnas Tiomána Chumann Ríomhaireachta na hÉireann (ICDL).

Labhair iarscoláirí faoina dturais foghlama phearsanta féin i ndiaidh dóibh aghaidh a thabhairt ar athruithe saoil agus gairme. Thug siad breac-chuntas ar an dóigh, agus iad san Ionad, go raibh an deis acu iad féin a fhorbairt agus scileanna nua agus muinín a fhorbairt agus tacaíocht chumasach á fáil acu ó fhoireann teagaisc agus tacaíochta an Ionaid.

Rinne Oifigeach Oideachais d’Aosaigh ETB Dhún na nGall Charles Gorney machnamh ar an tráthnóna, ag rá “Is imeachtaí inspioráideacha iad ár nOícheanta Bronnta i gcónaí. Deis a bhí ann ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí suntasacha ár gcuid mac léinn agus ar thiomantas gan staonadh na foirne. Taispeánann an ócáid fosta an tionchar sochaíoch níos leithne atá ag Breisoideachas agus Oiliúint ar phobail Dhún na nGall. Tá muid millteanach bródúil as ár gcuid mac léinn agus as an tionchar a bhí ag ár nIonad agus ag ár bhfoireann agus tá muid ag dúil go mór leis na mic léinn a bhí againn san am a chuaigh thart agus ár mic léinn reatha a fheiceáil ag dul ó neart go neart amach anseo.

People seated and standing holding certificates.
Foireann FET le mic léinn a fuair teastais Ríomhghnó. Ina suí ó chlé tá Alison McGee (múinteoir), Charles Gorney (Oifigeach Oideachais Aosaigh), Clr. Donal Coyle (Cathaoirleach ETB Dhún na nGall), Danielle McGee (Bainisteoir Ionaid FET Bhun Cranncha) agus Alan Murphy (múinteoir).

“Caithfidh muid aitheantas a thabhairt do na céimithe seo as an díograis agus an tiomantas agus na cúrsaí á dtabhairt i gcrích acu agus as an chéim seo a ghlacadh i dturas foghlama, turas a mhairfidh ar feadh an tsaoil, le cuidiú Dé” a dúirt sé.

Bhronn Cathaoirleach ETB Dhún na nGall, an Clr Donal Coyle na teastais agus thug sé óráid spreagúil ina ndearnadh athléimneacht agus diongbháilteacht na gcéimithe a cheiliúradh. Agus é i mbun machnaimh ar a dturas oideachais, leag sé béim ar na dúshláin a bhí le sárú ag go leor mac léinn agus iad ag filleadh ar an oideachas mar dhaoine fásta agus mhol sé a gcumas constaicí a shárú, a dtodhchaí a athrú, agus deiseanna nua a aimsiú don saol atá rompu.

Chomh maith leis sin, mhol an Clr Coyle tiomantas na foirne a threoraigh agus a spreag na mic léinn: “Is mó ná cáilíochtaí atá ins na teastais atá agaibh inniu – is siombailí iad den athléimneacht, den chlaochlú agus den tús úr”, a dúirt sé.

Spreagadh céimithe chun na ceachtanna maidir le hobair foirne, féinmhuinín agus buanseasmhacht a thabhairt leo agus iad ag tabhairt faoi chosáin nua ina ngairmeacha beatha agus ina bpobail.

Tá tuilleadh eolais ar chúrsaí a chuireann an tIonad FET i mBun Cranncha ar fáil ar an aimsitheoir cúrsaí ar shuíomh gréasáin ETB Dhún na nGall (www.donegaletb.ie/fetcoursefinder) nó trí scairt nó ríomhphost a chur chuig an ionad ar 074 9362466 nó fetcentrebuncrana@donegaletb.ie.

People seated and standing holding certificates.
Foireann FET le mic léinn a fuair teastais i Scileanna Seirbhíse Sláinte. Ina suí tá Anne Tinney (múinteoir), Charles Gorney (Oifigeach Oideachais Aosaigh), Clr. Donal Coyle (Cathaoirleach ETB Dhún na nGall), Danielle McGee (Bainisteoir Ionaid FET Bhun Cranncha) agus Siobhan Coughlan (Comhordaitheoir).
People seated and standing holding certificates.
Foireann FET le mic léinn a fuair teastais do Leabharchoimeád Láimhe agus Ríomhairithe. Ina suí tá Alison McGee (múinteoir), Charles Gorney (Oifigeach Oideachais Aosaigh), An Clr. Donal Coyle (Cathaoirleach ETB Dhún na nGall), Danielle McGee (Bainisteoir Ionaid FET Bhun Cranncha) agus Siobhan Coughlan (Comhordaitheoir).
People seated and standing holding certificates.
Foireann FET le mic léinn a fuair teastais i bPróiseáil Eolais agus Ríomhghnó. Ina suí tá Elaine Devlin (Riarthóir an Ionaid FET Bhun Cranncha), Alison McGee (múinteoir), Charles Gorney (Oifigeach Oideachais Aosaigh), Clr. Donal Coyle (Cathaoirleach ETB Dhún na nGall), Danielle McGee (Bainisteoir Ionaid FET Bhun Cranncha) agus Alan Murphy (múinteoir).