Gradam Náisiúnta na Laoch bainte amach ag Dalta Ghairmscoil Mhic Diarmada

Person holding a trophy on their head.
Person holding a trophy on their head.
Seán Boyle, dalta ó Ghairmscoil Mhic Diarmada, lena Ghradam náisiúnta Laoch ETB a bhain sé ag searmanas bronnta Ghradam Sármhaitheasa ETB i bPáirc an Chrócaigh ar 27 Márta.

Ghnóthaigh Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall gradam náisiúnta ETB ag Gradaim Bharrfheabhais ETB na bliana seo, a reáchtáladh i bPáirc an Chrócaigh ar 27 Márta agus bhain mac léinn Ghairmscoil Mhic Diarmada Seán Boyle Gradam Laoch an ETB.

Bronnadh Gradam Ardmholta ar scoil eile de chuid ETB Dhún na nGall, Gairmscoil Chú Uladh i mBéal an Átha Móir, mar gheall ar a cuid oibre sa phobal.

Bhí searmanas bronnta Ghradaim Bharrfheabhais an ETB ar siúl le linn Sheachtain na ETB 2025. Chuir sé ETB déag na hÉireann iad féin agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil d’fhoghlaimeoirí de gach aois, os comhair an phobail.

Dhírigh na Gradaim, a d’óstáil iar-fhoghlaimeoir ETB agus Léitheoir Nuachta RTÉ Ray Kennedy aird ar shármhaitheas na bhfoghlaimeoirí agus na foirne ar fud na seirbhísí bunscoile, meánscoile, breisoideachais agus oiliúna, agus óige. Thug iar-mhac léinn de chuid ETB agus amhránaí agus cumadóir amhrán Tolü Makay, léiriú speisialta ceoil.

Five people standing in front of a banner.
Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh sa ghrianghraf le (ó chlé) Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETBI An Dr Joe Collins, Uachtarán ETBI An Clr Roger Kennedy, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless TD, Anne McHugh agus Ard-Rúnaí ETBI Paddy Lavelle.

Ag oscailt na hócáide agus ag labhairt le breis is 200 ball foirne agus foghlaimeoir ó gach ETB in Éirinn, dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless TD: “Comhghairdeas as Gradam Barrfheabhais ETB a bhaint. Léiríonn do thiomantas dúinn nach mbaineann an t-oideachas leis an mhéid a fhoghlaimímid amháin, ach go mbaineann sé leis an mhéid a éiríonn linn a dhéanamh. Baineann sé le teorainneacha a bhrú, bacainní a bhriseadh, agus iarracht a dhéanamh barrfheabhas a bhaint amach gach lá. Tá mo Roinn tiomanta do bhacainní ar oideachas a bhaint agus a chinntiú go bhfuil deiseanna ar fáil do gach duine—beag beann ar chúlra, aois nó cúinse. Athraíonn an t-oideachas saolta, agus trí bhur n-iarrachtaí, tá muid ag cinntiú go bhfuil fáil ag níos mó daoine in Éirinn ar dheiseanna foghlama a chuireann ar a gcumas a lánacmhainneacht a bhaint amach. Ní féidir fíorfheabhas a bhaint amach ach amháin nuair a bhíonn an deis chéanna a bheith rathúil ag gach duine.”

Ba iad na Gradaim Bharrfheabhais an príomhimeacht do Sheachtain an ETB 2025, agus mar chuid den seachtain seo fosta bhí:

  • seoladh leabhar suntasach ar ETBanna arna chur in eagar ag iar-Eagarthóir Oideachais an Irish Independent Katherine Donnelly: Education and Training Boards: Shaping the Future, leaving no one behind. Tá caibidil sa leabhar ó ETB Dhún na nGall maidir le tacú le pobail oileáin;
    Two people with a book.
    Cathaoirleach ETB Dhún na nGall An Clr Donal Coyle sa phictiúr le Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall an Dr Martin Gormley ag seoladh leabhar suntasach ar na ETB arna chur in eagar ag iar-Eagarthóir Oideachais an Irish Independent Katherine Donnelly Education & Training Boards: Shaping the Future, leaving no one behind. Tá caibidil sa leabhar ó ETB Dhún na nGall maidir le tacú le pobail oileáin.
  • Muintearas’25: imeacht úrnua ag tabhairt Gaelscoileanna ETB le chéile den chéad uair chun Gaeloideachas cuimsitheach a cheiliúradh agus chun tiomantas do Ghaeloideachas cuimsitheach a léiriú; agus
  • imeachtaí ar fud na 16 ETB chun a gcuid seirbhísí a chur chun cinn.

Agus í ag labhairt ar a bród as Seán as an ghradam seo a fháil, dúirt Príomhoide Ghairmscoil Mhic Diarmada, Derval Newman, “Ní thiocfadh an gradam seo a bhronnadh ar dhuine óg níos fearr. Is inspioráid é dúinn go léir anseo i nGairmscoil Mhic Diarmada agus don phobal i gcoitinne ar Árainn Mhór. Léiríonn a chineáltas, a dhíograis agus an dóigh a gcinntíonn sé nach bhfágtar duine ar bith amach agus an dóigh a dtugann sé uchtach do gach duine thart air, an chuid is fearr den oideachas a ba cheart a bheith ann. Ba lá an-speisialta é dár scoil agus d’ETB Dhún na nGall — lá nach ndéanfaidh muid dearmad a choíche air.”

Leag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI) béim fosta i rith na seachtaine ar na croíluachanna earnála de chomhionannas, de phobail, de mheas agus de chúram. Ag labhairt dó ag an searmanas bronnta, dúirt Paddy Lavelle, Ard-Rúnaí ETBI: “Ní bhíonn na bunluachanna seo i gcónaí ann i ndomhan an lae inniu, cuirtear ina n-éadan go minic. Tugann Seachtain ETB agus na Gradaim Bharrfheabhais ETB deis dúinn iad a chur chun cinn: tá muid bródúil as an chur chuige cuimsitheach atá againn i leith an oideachais a théann thar an ghnáth, agus a thugann teagasc agus foghlaim isteach i bpobail, chuig daoine de gach aois agus gach cumas, lena n-áirítear na grúpaí is imeallaithe sa tsochaí.”

People standing in front of a banner.
Foireann agus Cathaoirleach ETB Dhún na nGall ag ceiliúradh a nGradam ETB.