Bhuaigh Coláiste Mhaigh Éne Fóram Sinsearach Díospóireachta Scoileanna ETB Dhún na nGall

Group of students seated and standing holding medals and a cup.
Group of students seated and standing holding medals and a cup.
Buaiteoirí Chomórtas Chorn Sinsearach Fhóram Díospóireachta ETB Dhún na nGall Coláiste Mhaigh Éne, Bun Dobhráin le Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach, an Dr. Martin Gormley, Stiúrthóir na Scoileanna agus an múinteoir Glyn Garvin. 

Bhuaigh Coláiste Mhaigh Éne i mBun Dobhráin Corn Bliantúil an Fhóraim Shinsearaigh Díospóireachta Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB). Bhí an bua ag Coláiste Cranncha i mBun Cranncha sa chomórtas Pláta agus bhuaigh Coláiste an Earagail i Leitir Ceanainncomórtas an Bhabhla Róis.

Fuair Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth an dara háit sa chomórtas Corn, fuair Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn an dara háit sa chomórtas Pláta agus fuair Coláiste na Carraige an dara háit i gcomórtas an Bhabhla Róis.

Bhí an comórtas díospóireachta do scoileanna Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall ar siúl in Óstán an Radisson Blu i Leitir Ceanainn Dé Máirt an 25 Márta le linn Sheachtain an ETB, ceiliúradh seachtaine ar fhoireann agus fhoghlaimeoirí ar fud na sé Bhord Oideachais agus Oiliúna déag in Éirinn.

Bhí coimhlint fhada ghéar idir aon scoil déag sna babhtaí ceathrú ceannais tosaigh. Ba iad na scoileanna a chuir dhá fhoireann san iomaíocht ná Coláiste Cranncha i mBun Cranncha, Coláiste an Earagail agus Coláiste Ailigh i Leitir Ceanainn, Coláiste Ghleann na Finne in Srath an Urláir, Coláiste na Daoile i Ráth Bhoth, Coláiste Pobail Bhun an Phobail, Coláiste Mhaigh Éne i mBun Dobhráin, Coláiste na Maoile Rua i mBaile na nGallóglach Coláiste na Carraige, Gairmscoil Mhic Diarmada ó Árainn Mhór agus Scoil na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall.

Group of students and staff seated and standing holding medals and a plate.
Buaiteoirí Chomórtas an Phláta Coláiste Cranncha, Bun Cranncha leis an Dr. Martin Gormley, Stiúrthóir na Scoileanna, an Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh agus múinteoir. 

Chuaigh chóir a bheith seachtó dalta i mbun díospóireachta ar son agus in éadan raon rún a léirigh na cúig luach éitis a bhaineann le scoil ETB: sármhaitheas san oideachas, cúram, comhionannas, pobal agus meas. I measc na rún bhí:

  1. Sármhaitheas san Oideachas: Is leasú riachtanach é na hathruithe atá beartaithe ar an Ardteistiméireacht le haghaidh córas oideachais níos cothroime agus níos cuimsithí.
  2. Cúram: Tá sé níos tábhachtaí aire a thabhairt don chomhshaol ná díriú ar fhás eacnamaíoch.
  3. Comhionannas: Tá sé tábhachtach cailíní agus buachaillí a theagasc ar bhealach difriúil chun comhionannas a bhaint amach.
  4. Pobal: Tá tionscnaimh phobalbhunaithe níos éifeachtaí maidir le dul i ngleic le saincheisteanna sóisialta ná mar atá cláir rialtais.
  5. Meas: Léiríonn an tsochaí go bhfuil easpa measa ar dhaoine aosta.
  6. Meas: Cothaítear iompar dímheasúil trí na meáin shóisialta a úsáid.

Bhí an comórtas ar siúl le linn Sheachtain Náisiúnta ETB, a dhéanann ceiliúradh ar shé Bhord Oideachais agus Oiliúna déag na hÉireann agus ar na seirbhísí oideachais agus oiliúna a sholáthraíonn a gcuid scoileanna, coláistí agus ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) do dhaltaí bunscoile, iar-bhunscoile, FET, ceoil agus oideachas faoin aeir ar fud na hÉireann.

Group of students and staff seated and standing holding medals and a bowl.
Buaiteoirí Chomórtas an Bhabhla Róis Coláiste an Earagail, Leitir Ceanainn leis an Dr. Martin Gormley, Stiúrthóir na Scoileanna agus an Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh. 

Luaigh Comhordaitheoir Éitis Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall Eamonn Ryan, “Tugann Fóram Sinsearach Díospóireachta ETB Dhún na nGall deis ar leith do mhic léinn an ETB ar fud an chontae teacht le chéile agus dul i mbun díospóireachta le meas ar cheisteanna atá ina gcúis imní náisiúnta agus áitiúil trí lionsa ár bPríomhluachanna. Is ábhar misnigh é ár ndéagóirí a fheiceáil ag smaoineamh go criticiúil agus iad féin á gcur in iúl go muiníneach agus go measúil faoi cheisteanna atá tábhachtach dóibh.”

Dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, gur “Eispéireas iontach a bhí ann dár gcuid daltaí uilig a bhí oilte agus ullmhaithe go maith do na díospóireachtaí ag a gcuid múinteoirí. Bhí lúcháir orainn fáilte ar ais a chur roimh chuid dár bhfoireann atá ar scor, a rinne, le baill foirne eile an ETB, Cathaoirleacht agus Moltóireacht i rith an lae. Bhí daltaí ar gach ceann de na painéil mholtóireachta fosta, rud a chuidigh le guth an dalta a chur chun cinn.”

Bainistíonn Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall cúig cinn déag de na seacht n-iar-bhunscoil is fiche sa chontae agus is páirtí iontaobhaí é fosta ar ocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheach eile sa chontae. D’fhreastail breis agus 6,000 dalta ar scoileanna ETB Dhún na nGall sa bhliain acadúil seo caite.

Image credits: Clive Wasson Photography for Donegal ETB Communications. 

Group of students and staff seated and standing holding medals.
Na daoine sa dara háit i gComórtas an Choirn Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth leis an Dr. Martin Gormley, Stiúrthóir na Scoileanna, múinteoir agus an Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh.
Group of students and staff seated and standing holding medals and a cup.
Na daoine sa dara háit i gComórtas an Phláta Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, leis an Dr. Martin Gormley, Stiúrthóir na Scoileanna, an Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh agus múinteoir.
Group of students and staff seated and standing holding medals.
Na daoine sa dara háit i gComórtas an Bhabhla Róis Coláiste na Carraige, leis an Dr. Martin Gormley, Stiúrthóir na Scoileanna, an Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh agus múinteoir.