D’éirigh le Tuismitheoirí Dhún na nGall sa Chlár ‘My Child My Vision’

Group of people
Group of people
Tuismitheoirí, teaghlaigh, aíonna, cainteoirí agus ETB Dhún na nGall agus foireann na scoile ag an gcéim ‘My Child My Vision.’

Reáchtáladh bronnadh dámhachtainí ar an 26 Samhain do sheacht dtuismitheoir déag i gceantair Leitir Ceanainn agus Ghleann na Finne ar éirigh leo sa chlár ‘My Child My Vision’.

Bhain na tuismitheoirí duais Leibhéal 5 um Obair le Grúpaí de DCCÉ amach, agus tá páistí acu a fhreastalaíonn ar Choláiste an Earagail i Leitir Ceanainn, Coláiste na Daoile i Ráth Bhoth, Coláiste Ghleann na Finne i Srath an Urláir, Bunscoil Scoil Cholmcille i Leitir Ceanainn, Bunscoil Scoil Mhuire i Srath an Urláir agus Scoil Náisiúnta Muire Gan Smál i Leifear.

Is clár oiliúint éascaithe tuismitheoirí é ‘Páiste s’Agam Fís s’Agam’ a bhfuil de rún aige tuismitheoirí a chumasú lena bpáiste a threorú tríd an phróiseas aistrithe scoile agus chun tacú le haistear a bpáiste ón bhunoideachas go dtí an meánoideachas. Agus é ar siúl i gceithre chontae eile in Éirinn, ba é seo an chéad uair de a bheith ar siúl i gContae Dhún na nGall.

D’eagraigh Comhordaitheoirí Theagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (TBSP) sna scoileanna soláthar an chláir, mhothaigh siad go raibh a dtuismitheoirí in ann, agus cuid acu gan aon oideachas foirmeálta ar bith nó iad ag pilleadh ar an oideachas i ndiaidh tamaill fhada, tabhairt faoin chlár. D’oibrigh siad i gcomhar leis an tSeirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) taobh istigh den Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall, leis na Seirbhísí Tacaíochta Oideachais Tusla (STOT) leis an Bhainisteoir Seirbhísí Comhtháite Niall Rabitt agus le Príomhoidí na cúig scoil chun an clár a thabhairt don chontae.

Person talking to a group of people.

Agus í ag labhairt ag an imeacht, dúirt, Ashlean McGeehan, Comhordaitheoir TBSP le Coláiste Ghleann na Finne, a bhí i gceannas ar chomhordú an chláir, “D’aontaigh na tuismitheoirí spreagúla atá anseo anocht teacht ar ais chuig an oideachas agus gealltanas a thabhairt chun Miondámhachtain Leibhéal 5 um Obair le Grúpaí de DCCÉ a chríochnú a thabharfadh na scileanna dóibh le hoícheanta aistrithe tuismitheoirí a éascú inár scoileanna agus a thug an mhuinín dóibh ó shin i leith chun cur lena gcuid oideachais agus/nó dul ar ais chuig an áit oibre.

“Cuirtear in iúl leis an chlár seo bunús na Scéime Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (TBSP), lena dtógtar an chomhpháirtíocht idir an baile, an pobal agus ár scoileanna. Léirigh na tuismitheoirí anseo anocht uilig tiomantas agus díograis agus d’oibrigh siad go dian i gcomhar liom féin, teagascóir FET Barry O’Riordan ó ETB Dhún na nGall, ár gComhordaitheoirí Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail Noelle Mulrain (Scoil Cholmcille), Sheila Kelly (Scoil Náisiúnta Muire Gan Smál), Noelle Moy (Scoil Mhuire), Margaret McAteer (Coláiste an Earagail) agus Patrice Gallagher (Coláiste na Daoile) chun a chinntiú gur bhain siad amach ar a raibh beartaithe acu le déanamh. Fianaise is ea an t-imeacht anseo anocht nár ghéill siad.”Person talking to a group of people.

Agus é ag déanamh comhghairdeas leis na tuismitheoirí, dúirt Aidan McCloskey, Oifigeach Oideachais Aosaigh ó Sheirbhís FET de chuid ETB Dhún na nGall, “Is onóir dom a bheith libh chun bhur rath a cheiliúradh as an gcúrsa ‘Páiste s’Agam Fís s’Agam’ a chríochnú. Is eispéireas tairbheach é dul ar ais chuig an oideachas agus ceann de na torthaí den scoth ar bhur rath ná go bhfuil sibh in ann bhur n-eolas a roinnt le tuismitheoirí eile anois, agus sibh ag cuidiú leo chun páirt ghníomhach a ghlacadh in aistriú a bpáiste ón bhunoideachas go dtí an meánoideachas. Tá ceiliúradh tuillte ag gaisce pearsanta gach dalta anseo fosta. D’aithin sibh bhur gcumas foghlama féin agus tá deiseanna úra agaibh sa Bhreisoideachas agus Oiliúint, san ardoideachas agus san áit oibre mar thoradh air sin. Comhghairdeas.”

Person talking to a group of people.

Bhronn Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley teastais ar na tuismitheoirí. Agus é ag tréaslú leis na tuismitheoirí, dúirt an Dr Gormley, “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach céimí den chlár ‘My Child My Vision’. Léiríonn an tionscnamh seo ár dtiomantas comhroinnte chun cur ar chumas tuismitheoirí leis na huirlisí agus leis an mhuinín is gá tacú lena bpáistí le linn an aistrithe chriticiúil ón bhunoideachas chuig an iar-bhunoideachas. Tá bhur ndíograis i leith fhás agus rath bhur bpáistí a chothú spreagúil agus molaim gach duine agaibh as an chéim fhiúntach seo a ghlacadh. In éineacht le chéile, táimid ag tógáil bonn níos láidre do dhul chun cinn oideachais ar fud Dhún na nGall.”

Rinneadh an chéad chohórt sa chontae a bhain teastas amach sa chlár seo de chúig thuismitheoir déag anuraidh. Bhí páistí na dtuismitheoirí siúd ag freastal ar Choláiste an Earagail i Leitir Ceanainn, Coláiste na Daoile i Ráth Bhoth, Coláiste Ghleann na Finne i Srath an Urláir, Bunscoil Scoil Bhríde i gConmhaigh agus Bunscoil Scoil Mhuire i Srath an Urláir.

Group of people.
Foireann Idirchaidrimh Baile, Scoile agus an Phobail le foireann Sheirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla.