Bhí maoiniú do thionscnamh Mhoil Oiliúna Conair Fostaíochta Digiteach an Iarthuaiscirt (NW DEPTH) mar chuid de €46,064,915 de mhaoiniú PEACEPLUS a fógraíodh ar na mallaibh chun feabhsú a dhéanamh ar rochtain chomhionann ar sheirbhísí cuimsitheacha ardchaighdeáin in oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil i dTuaisceart Éireann agus i gcontaetha teorann na hÉireann.
Is í Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Uladh, Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt, agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall a stiúrfaidh an tionscadal seo. Tá tacaíocht ann don tionscadal seo ón Chlár PEACEPLUS, atá bainistithe ag Foras um Chláir Speisialta an AE (FCSAE) trína gcomhoibriú straitéiseach seanbhunaithe, Braisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt (BOTI).
Déanfaidh an Clár Forbartha Scileanna Réigiúnacha Ceantarbhunaithe, trí théama PEACEPLUS Athbheochan agus Athchóiriú Socheacnamaíoch a Sheachadadh, forbairt agus breisoiliúint a chur ar 10,000 duine chun dul i ngleic le príomhearnálacha fáis, a chuirfidh borradh faoi fhás geilleagrach agus a chruthóidh geilleagar réigiúnach níos cothroime. Tá sé mar aidhm ag an togra NW DEPTH creat scileanna digiteacha a sheachadadh a dhíreoidh ar Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt (Contae Dhún na nGall agus Ceantar Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin). Forbróidh agus soláthróidh tionscadal NW DEPTH punann de chláir uas-scilithe agus athscilithe chun a chinntiú go gcuirfidh breis agus 2,000 duine lena gcáilíochtaí trí chúrsaí scileanna digiteacha agus cibearshlándála.
Mairfidh an tionscadal NW DEPTH ar feadh tréimhse ceithre bliana agus déanfar corr a bheith €10 milliún d’infheistíocht i scileanna digiteacha san Iarthuaisceart. Tá sé mar sprioc aige go mbeidh rochtain saor in aisce ag 2,000+ rannpháirtí ar chláir oideachais threasaigh dhigitigh agus chibearshlándála ardchaighdeáin atá dírithe ar fhostaíocht. Chun oidhreacht mharthanach a chinntiú, tá soláthar d’fhorbairt Straitéis Dhigiteach an Iarthuaiscirt san áireamh sa mhaoiniú fosta. Tá sé mar aidhm ag Straitéis Dhigiteach an Iarthuaiscirt tacú le fás an iliomad fiontar digiteach nuálaíoch atá ag feidhmiú sa réigiún trasteorann seo agus feabhas a chur ar tharraingteacht an réigiún chun fiontair chliste nua a bhunú.
Tá PEACEPLUS á bhainistiú ag Foras um Chláir Speisialta an AE (FCSAE) agus is ionann é agus comhpháirtíocht maoinithe idir an tAontas Eorpach, Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, Rialtas na hÉireann, agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann.
Aithníonn comhpháirtithe BOTI an tacaíocht láidir a léiríonn sé seo ó na maoinitheoirí agus an fhreagracht a thugann sé do BOTI as an acmhainneacht bunathraithe atá ag an mhaoiniú seo a chur ar fáil i gcomhar le fógraí maoinithe eile ar na mallaibh, amhail Margadh Fáis Dhoire agus an tSratha Báin.
Dúirt an Dr Orla Flynn, Uachtarán OTA, “Trí mhaoiniú PEACEPLUS a fháil do thionscadal NW DEPTH cuirfear ar chumas líon suntasach daoine dul chun cinn a dhéanamh i ndomhan fostaíochta atá ag éirí níos digití. Ní hamháin go saibhreoidh sé saolta daoine aonair, ach neartóidh an maoiniú seo fosta na tionscail réigiúnacha trí nuálaíocht a éascú níos fearr mar aon le tacaíocht a sholáthar d’fhás eacnamaíoch. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leo siúd a d’oibrigh ar an tairiscint seo agus tá mé ag dúil le torthaí rathúla a fheiceáil sna blianta amach romhainn.”
Dúirt an tOllamh Paul Bartholomew, Leas-Seansailéir Ollscoil Uladh “Tá ríméad ar Ollscoil Uladh a bheith ina príomh-chomhpháirtí tionscadail ar thionscnamh Mhol Oiliúna Conair Fostaíochta Digiteach an Iarthuaiscirt (NW DEPTH). Is infheistíocht thábhachtach straitéiseach í seo i bpróifíl scileanna réigiún an Iarthuaiscirt agus comhlánaíonn sí pleananna infheistíochta móra eile arna gcumasú ag maoiniú Margadh Cathrach Dhoire agus an tSratha Báin agus maoiniú Oileán Comhroinnte. Tógann an tionscadal seo ar chomhoibriú atá ann cheana féin a bunaíodh trí Bhraisle Oideachais Treasaigh an Iarthuaiscirt agus is formhuiniú breise é an infheistíocht PEACEPLUS seo i scileanna digiteacha ar an luach a chuirtear ar, agus an tábhacht a bhaineann le, hoideachas a fhorbairt agus cumas chun tacú le forbairt gheilleagrach agus shóisialta ar fud an réigiúin. Is é cuspóir foriomlán DEPTH ná creat Scileanna Digiteacha a fhorbairt do dhaoine aonair chun tacú le hathiontráil, fanacht nó dul chun cinn a dhéanamh ar a ról i bhfórsa saothair réigiún an Iarthuaiscirt, rud atá thar a bheith tábhachtach agus muid ag obair le comhpháirtithe ar fud an réigiúin chun campas Ollscoil Uladh i nDoire a leathnú. Tá muid ag dúil le leanúint ar aghaidh ag obair le comhpháirtithe ar fhorbairt scileanna digiteacha, uas-sciliú agus soláthar athoiliúint sa réigiún ag díriú ar 2000 rannpháirtí thar cheithre bliana an tionscadail.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach an FCSAE, Gina McIntyre: “Tacaíonn an maoiniú PEACEPLUS seo le cúig chur chuige ceantarbhunaithe, atá deartha chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna a bhfuil fianaise ann dóibh, as a dtiocfaidh méadú táirgiúlachta agus fostaíochta agus leibhéil níos airde de shoghluaisteacht saothair trasteorann. Cumasóidh an clár agus an cur chuige comhcheangailte trasphobail agus trasteorann comhoibriú idir comhoibrithe bunaithe ar oideachas agus ar oiliúint chun acmhainn an chláir a uasmhéadú chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn, agus chun aghaidh a thabhairt ar dheiseanna d’athoiliúint. Tá forbairt gheilleagrach i réigiúin iar‑choimhlint ríthábhachtach mar thaca don tsíocháin. Tá infheistíocht sa gheilleagar, tacaíocht a sholáthar d’FBManna, taighde, agus nuálaíocht i réimsí sainiúla riachtanas i measc na bpríomhréimsí fócais do théama PEACEPLUS Athghiniúint agus Claochlú Socheacnamaíoch a Sheachadadh.”
Dúirt Leo Murphy, Príomhoide agus Príomhfheidhmeannach Choláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt (CRI): “Tá an-áthas orainn ag CRI a bheith páirteach mar chomhpháirtí ar thionscadal NW DEPTH. Is deimhniú é seo ar an tsár-obair atá déanta ag Braisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt trí thacair scileanna digiteacha agus cibearshlándála a thógáil laistigh dár réigiún Iarthuaiscirt. Ligeann an chomhpháirtíocht le Mastercard don réigiún láithreacht feabhsaithe a fhorbairt ar FinTech agus ar shaineolas cibear ag leibhéal scileanna treasach. Ligfidh sé seo dúinn buntáiste iomaíoch a thógáil agus beidh an poitéinseal le haghaidh tuilleadh infheistíochta isteach agus fás dúchasach san earnáil seo mar thoradh air.”
Chuir Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall in iúl go bhfuil sí sásta go mbeidh an BOTI ag cur an oiliúint ar scileanna digiteacha seo, a bhfuil géarghá léi, ar fáil sa réigiún. “Tá ár réigiún trasteorann uathúil agus lán deiseanna agus dóchais. Méadóidh an maoiniú seo go mór an seans go gcomhlíonfar a dhóchas agus muid ag leanúint ar aghaidh ag iarraidh deiseanna a chur ar fáil a ligfidh don réigiún dul san iomaíocht ar bhonn uile-oileáin. Tá ról thar a bheith tábhachtach ag ETB Dhún na nGall i réimse na forbartha scileanna i gCo. Dhún na nGall agus sa réigiún trasteorann agus cuirfidh maoiniú PEACEPLUS leis an obair leanúnach seo ar bhealach dearfach.”
Dúirt Paul Hannigan, Ceannaire Choláiste OTA Dhún na nGall agus Leas-Uachtarán um Rannpháirtíocht Trasteorann ag OTA: “Is comhpháirtíocht láidir é BOTI, agus trínár rannpháirtíocht tionscail trí Bhord an Tionscail Chliste BOTI mar aon lenár naisc le grúpaí pobail, tá an cuibhreannas seo tiomanta agus in áit mhaith chun lánacmhainneacht na tacaíochta ríthábhachtacha PEACEPLUS seo a sheachadadh do Réigiún na Cathrach Thiar Thuaidh.”