Baineann Ocht bPrintíseach déag Dhún na nGall Céim Amach

Group of graduates throwing caps in he air.
Group of graduates and staff sitting and standing in front of a stage with a large apprenticeship banner.
Céimithe printíseachta ETB Dhún na nGall le Príomhfheidhmeannach ETB Mhaigh Eo, Shligigh, Liatroma Tom Grady, Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, an tAire Stáit ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, TD Alan Dillion agus foireann oiliúna printíseachta ETB Dhún na nGall.

Bhí ocht phrintísigh déag as Dún na nGall i measc ghrúpa 70 printíseach ceirde ó 16 clár printíseachta a bhain céim amach Dé hAoine, 18 Deireadh Fómhair. Ní raibh 40 printíseach Dhún na nGall, a cháiligh le gairid, ábalta freastal ar an searmanas féin de bharr fostaíochta agus coimitmintí eile.

Rinne Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (MSLETB), i gcomhar le Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall, deimhnithe a bhronnadh ar na céimithe, rud a chuir deireadh lena n-oiliúint agus a chuir tús lena ngairmeacha beatha oilte. Bhí na printísigh bainteach le réimse leathan ceirde, an Talmhaíocht, an Mheicnic, an tSiúinéireacht, Oirtheoireacht Gléasra Tógála, an Leictreachas, Córais Slándála Leictreonacha, Meicnic Feithiclí Troma, an Ionstraimíocht, Uathoibriú Meicniúil agus Oirtheoireacht Cothabhála, an Mhótarmheicnic, Oibriú Miotail, Feistiú Píobáin, an Phlástráil, an Phluiméireacht, an Cuisniúchán agus Aerchóiriúchán, an Uirliseoireacht agus Deisiúchán Creatlach Feithicle ina measc.

Ag labhairt ag an ócáid dúirt Príomhfheidhmeannach MSLETB, Tom Grady, “Tá ról ríthábhachtach ag printíseachtaí mar tugann siad an t-eolas, na scileanna agus an saineolas do phrintísigh a éilíonn tionscail, agus tugann siad bealach dóibh gairmeacha beatha tairbheacha a fháil. Ba chóir go mbeadh ár bprintísigh céime a bheith an-bhródúil as roghnú chun tabhairt faoin aistear seo. Gabhaim buíochas leis na fostóirí agus na meantóirí a tacaigh leis na céimithe seo i rith a bprintíseachtaí, agus le foireann ár n-Ionaid Oiliúna agus Soláthróirí Ardoideachais as a dtacaíocht agus cabhair. A Phrintísigh, tá bhur ndíograis agus bhur n-obair chrua le moladh agus is fíoreiseamláir sibh do bhur bhfostóir, do na cláir phrintíseachta seo agus dár ETBnna. Go n-éirí libh in bhur ngairmeacha beatha agus iarrachtaí amach anseo.”

Minister Alan Dillon speaking at a lectern, holding a mike.
An tAire Stáit ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, TD Alan Dillion.

Ag bronnadh na ngradam, dúirt an tAire Stáit ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, TD Alan Dillion: “Is pribhléid a bheith páirteach i lá comh sunstasach seo do na céimithe. Is mór an inspioráid í an díograis agus an fás pearsanta agus proifisiúnta acu, agus tá bród orm na teastais seo a bhronnadh orthu mar aitheantas ar a n-éachtaí. Tá mé muiníneach go seasfaidh na scileanna agus an t-eolas a bhfuair siad anseo go maith leo sa chéad chaibidil eile dá saolta. Comhghairdeas leis na céimithe uilig.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, “Tá muid thar a bheith

Three graduates sitting and three people standing behind them in front of a banner.
Aaron Gallagher, Aaron Toner agus Padraig McAteer le (l-r)  Bainisteoir Oiliúna Ceantair ETB Dún na nGall Vinny McGroary, Bainisteoir Seirbhíse North West Alarm Systems Limited Kevin Wallace agus Comhairleoir Oiliúna do Phrintíseacht Shinsearach ETB Dún na nGall Lorraine Murray.

bródúil as ár bPrintísigh uilig a bhain céim amach inniu. Thacaigh a dteaghlaigh agus a gcairde, foireann Printíseachta san ETB agus ar ndóigh ag a bhfostóirí leo agus bhí ról ríthábhachtach acu uilig. Inniu tugann muid aitheantas dóibh siúd a oibríonn go crua Printísigh a ullmhú dá ról ríthábhachtach inár n-eacnamaíocht, mar sin. Tá éileamh mór ar a gcuid scileanna agus tá siad dea-ullmhaithe chun obair in Éirinn nó áit ar bith is mian leo. Guíonn muid gach rath orthu agus iad ag tabhairt faoin chéad chuid eile dá ngairm bheatha.”

Cuirtear printíseachtaí ar fáil trí mheascán d’oiliúint fhostóir-bhunaithe ar an láthair oibre agus oiliúint lasmuigh den láthair oibre a ligeann do na printíseachtaí airgead a shaothrú agus iad ag foghlaim agus ag baint cáilíocht amach atá aitheanta go hidirnáisiúnta.

Two graduates with a third person standing in between them in font of a banner.
Céimithe Aiden McGinley (clé) agus Cathal Charlton (dheis) le Eugene McBrearty, MD, KER Group, Na Cealla Beaga.

In 2024, tá os cionn 27,000 printíseach ag críochnú a n-oiliúint faoi láthair. Tá os cionn 9,200 fostóir ag cur oiliúna ar phrintísigh in os cionn 70 clár a bhfuil gradaim idir Leibhéil 5-10 ag gabháil leo ar Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na cláir phrintíseachta atá ar fáil nó le bheith i d’fhostóir faofa nó chun clárú mar phrintíseach, téigh i dteagmháil le foireann printíseachta ETB Dhún na nGall ag apprenticeship@donegaletb.ie nó glaoigh ar 074 91 20500.

Group of graduates throwing caps in he air.
Printísigh Dhún na nGall ag fáil céime.