An Clr Donal Coyle Tofa ina Chathaoirleach ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall

Three people standing side by side, one wearing a chain of office, in front of a wall with a logo on it.

Three people standing side by side, one wearing a chain of office, in front of a wall with a logo on it.

Toghadh an Clr Donal Coyle ina Chathaoirleach ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) ag a chruinniú ar an 1 Deireadh Fómhair. Toghadh ionadaí na dtuismitheoirí, Geoffrey Browne, mar Leas-Chathaoirleach.

Tá ionadaí is fiche ceaptha ar Bhord an tsoláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae, atá comhdhéanta de dháréag ionadaithe tofa, beirt bhall foirne, beirt thuismitheoirí, beirt ionadaithe ó thionscal áitiúil agus triúr ionadaithe leasa earnála.

Ag labhairt dó faoina thoghadh mar Chathaoirleach, dúirt an Clr Coyle, ‘Is mór an phribhléid agus an onóir dom a bheith tofa mar Chathaoirleach ar ETB Dhún na nGall ar feadh téarma eile. Tá súil agam go n-oibreoidh an Bord seo do gach duine. Tá freagracht ollmhór ar an ETB sa Chontae. Déanann siad go han-mhaith é – tá go leor dúshlán ann, ach tá an ETB i lár an aonaigh agus ag bogadh chun tosaigh.”

Is é ETB Dhún na nGall an soláthróir oideachais agus oiliúna is mó sa chontae, ag bainistiú cúig scoil déag de na seacht n-iar-bhunscoil is fiche agus is páirtí iontaobhaí é fosta ar ocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheacha eile sa chontae.

Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí Breisoideachais agus Oiliúna (FET) is mó agus bainistíonn sé Ionad Oiliúna agus Oideachais Allamuigh Ghartáin, Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil Dhún na nGall agus tá freagrachtaí dlíthiúla air as obair don ógra.

In 2023 bhain breis agus 35,000 scoláire leas as oideachas agus oiliúint le ETB Dhún na nGall.

I measc na n-ionadaithe tofa eile tá Clr Ciaran Brogan, Clr Fionán Bradley, Clr Albert Doherty, Clr Terry Crossan, Clr Brian Carr, Clr Martin Farren, Clr Martin Harley, Clr Michael McBride, Clr Declan Meehan, Clr Pauric McGarvey agus Clr Tomás Seán Devine.

Is iad Joanne Donaghy agus Kyle Clarke na hionadaithe foirne, agus is í Lorraine Doherty an dara hionadaí tuismitheora.

Tá na cúig áit eile líonta ag Lorraine Thompson (Seirbhís Óige Dhún na nGall) a dhéanann ionadaíocht d’Obair d’Ógra Éireann, Patsy McVicar a dhéanann ionadaíocht do Chumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas-Phríomhoidí (NAPD) / Cumann na Scoileanna Pobail is Cuimsitheacha (ACCS), Stephen McCahill a dhéanann ionadaíocht d’Institiúid na gCeantálaithe agus Luachálaithe Gairmiúla (IPAV), an Dr Joanne Gallagher a dhéanann ionadaíocht don Chumann Ardoideachais Teicneolaíochta (THEA) agus Edel Ní Chorráin a dhéanann ionadaíocht d’Fhoras na Gaeilge.

Ag labhairt di faoi na ceapacháin, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Clr Donal Coyle agus Geoffrey Browne ar a dtoghadh mar Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach ar ETB Dhún na nGall. Is iontach an rud é beirt chomhghleacaithe a bheith againn a bhfuil an oiread sin taithí agus eolais acu ar ár n-eagraíocht. Fáiltímid go mór roimh na ceapacháin go léir chuig ár mBord. Tá an méid a chuireann siad le bainistiú obair ETB Dhún na nGall lárnach i seachadadh seirbhís oideachais agus oiliúna atá ar ardchaighdeán agus atá dírithe ar an fhoghlaimeoir. Tá mé ag dúil le bheith ag obair lenár gcomhaltaí Boird ar fad sna blianta amach romhainn.”

 

Suífidh an Bord reatha ar feadh cúig bliana.