Leas-Phríomhoide nua Ceaptha ar Ghairmscoil Mhic Diarmada, Oileán Árainn Mhór

Caroline McCauley, Deputy Principal, Gairmscoil Mhic Diarmada, Arranmore Island, standing in front of a Donegal ETB banner.

Caroline McCauley, Deputy Principal, Gairmscoil Mhic Diarmada, Arranmore Island, standing in front of a Donegal ETB banner. Tá sé fógartha ag Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall go bhfuil an tUasal Caroline McCauley, ceaptha mar Leas-Phríomhoide nua ar Ghairmscoil Mhic Diarmada ar Oileán Árainn Mhór. Téann sí in áit an Uasail Daniel Doherty a chuaigh ar scor ag deireadh na scoilbhliana seo caite.

Bunaithe in 1990, is bunchloch ag an phobal áitiúil í Gairmscoil Mhic Diarmada a thugann deis do dhaoine óga a gcuid oideachais dara leibhéal a chríochnú agus iad ag fanacht cóngarach don bhaile. Tá sí ar cheann amháin de dhá iar-bhunscoil oileáin i gContae Dhún na nGall. Mar scoil Ghaeltachta, is féidir le Gairmscoil Mhic Diarmada, faoi láthair, cláir oideachais a sholáthar trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon.

Beidh Caroline ag obair leis an Phríomhoide a ceapadh ar na mallaibh, Derval Newman, agus foireann de thart ar fhiche ag an scoil ar oileán Árainn Mhór ar a bhfuil thart ar chéad dalta ag freastal.

Is as Oileán Árainn Mhóir ó dhúchas í agus is iardhalta de chuid Ghairmscoil Mhic Diarmada í. Chuir Caroline tús lena gairm mhúinteoireachta ina hiar-bhunscoil in 2004, i ndiaidh di Baitsiléir Ealaíon sa Bhéarla agus sa Tíreolaíocht agus Dioplóma Iarchéime san Oideachas a bhaint amach ó Ollscoil na Gaillimhe. Sa bhliain 2008, fuair sí cáilíocht CELTA Cambridge agus in 2014 chríochnaigh sí Dioplóma Gairmiúil i Matamaitic don Teagasc le hOllscoil Luimnigh.

Ceapadh Caroline mar bhall de Bhord Bainistíochta na scoile in 2019 agus tá sí ina cathaoirleach ar an Bhord ó 2023. In 2021 rinneadh Comhordaitheoir Clár di agus chríochnaigh sí Dioplóma Iarchéime i gCeannaireacht Scoile le hOllscoil Luimnigh in 2022.

Ag labhairt di faoina ceapachán nua, dúirt Caroline, “Mar oileánach, mar iardhalta bródúil de chuid Ghairmscoil Mhic Diarmada agus mar bhall foirne ó 2004, tá dlúthbhaint agam leis an scoil agus leis na teaghlaigh a bhfuil muid ag freastal orthu. Tá mé ar bís chun glacadh le ról an Leas-Phríomhoide. Tá mé ag dúil le bheith ag obair in éineacht lenár bPríomhoide nua Derval Newman, an fhoireann thiomanta, ár gcuid scoláirí agus le pobal níos leithne Ghairmscoil Mhic Diarmada chun leanúint ag cur le forbairt iomlánaíoch na scoláirí ar a n-aistear oideachasúil, chomh maith le hiad a chumasú chun ionchur bríoch a bheith acu taobh istigh agus taobh amuigh den seomra ranga. Tá mé ag tnúth leis an chaibidil nua seo i mo ghairm bheatha a thosú.”

Agus é ag tréaslú le Caroline ar a ceapachán, dúirt an Dr Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Caroline ar a ceapachán mar Leas-Phríomhoide nua ar Ghairmscoil Mhic Diarmada. Tá mé lánchinnte go gcuideoidh a ceannaireacht le forbairt agus daingniú na scoile a chur chun cinn mar chuid de phobal láidir a bhfuil suim acu i gcur chun cinn an oideachais ar an oileán. Beidh Caroline agus an Príomhoide Derval Newman, mar chuid den fhoireann shinsearach ceannaireachta sa scoil. Tá mé ag dúil leis an tionchar dearfach a bheidh acu gan dabht a fheiceáil ina róil faoi seach agus an scoil ag dul ó neart go neart.”

Tagann ceapachán Caroline McCauley ag am ríthábhachtach i stair na scoile, ag an am céanna le hoscailt áiseanna nua ar an champas. Léiríonn an méadú seo tiomantas leanúnach Ghairmscoil Mhic Diarmada maidir lena háiseanna a fheabhsú agus le heispéireas oideachais gach dalta a shaibhriú. Treoraithe ag misean chun foghlaim inrochtana agus cuimsitheach a chur chun cinn, a thairiscint, agus chun tacú léi, cuireann an scoil ar chumas na ndaltaí barr a gcumais a bhaint amach, ag cothú spioraid athléimneachta agus gnóthachtála.

Tá Gairmscoil Mhic Diarmada ar cheann de chúig scoil déag as fiche seacht iar-bhunscoil sa chontae atá faoi bhainistíocht ETB Dhún na nGall, an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae, agus is páirtí iontaobhaí í freisin ar ocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheacha eile sa chontae. D’fhreastail breis agus 5,900 dalta ar iar-bhunscoileanna ETB Dhún na nGall sa scoilbhliain 2023/24.