Iarmhac Léinn ETB Dhún na nGall le hionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag Comórtas Táthúcháin Domhanda WorldSkills sa Fhrainc

Group of people (one female, five male) standing side by side in a training workshop)
Group of people (one female, five male) standing side by side in a training workshop)
Grianghraf d’Iomaitheoir Táthúcháin WorldSkills Ireland Lee Davison le Teagascóir Táthúcháin ETB Dhún na nGall agus Saineolaí WorldSkills Ireland agus Príomhscrúdaitheoir sa Táthúchán, Cathal McGee, Bainisteoir Ionaid Oiliúna Cúnta Colm Richardson agus Bainisteoir Oiliúna Limistéir Vinny McGroary, Seirbhís FET ETB Dhún na nGall, Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh agus Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Ciaran O’Brien.

Tá Lee Davison, an táthaire as Dún na nGall as Bun Cranncha, ag ullmhú le hionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag an 47ú Comórtas WorldSkills sa Fhrainc i mí Mheán Fómhair.

Bhuaigh Lee comórtas Táthúcháin WorldSkills Ireland 2023 i mBaile Átha Cliath Meán Fómhair seo a chuaigh thart agus tá cúig mhí caite aige ag traenáil go lánaimseartha don chomórtas domhanda faoi threoir Teagascóir Táthúcháin ETB Dhún na nGall agus Saineolaí WorldSkills Ireland agus Príomhscrúdaitheoir sa Táthúchán, Cathal McGee.

Is ionann WorldSkills agus na Cluichí Oilimpeacha do scileanna gairme, teicneolaíochta agus seirbhísbhunaithe. Óstálann WorldSkills an craobhchomórtas gach dara bliain, a mheallann níos mó ná 1,600 iomaitheoir ó níos mó ná 60 tír le dul in iomaíocht ar fud 56 réimse scileanna trasna réimse leathan tionscal — ó shiúinéireacht go bláthadóireacht gruagaireacht go leictreonaic; agus cabhailobair go bácáil.

Roghnaítear na hiomaitheoirí ó chomórtais scileanna a reáchtáiltear i mballtíortha agus i mballréigiúin WorldSkills.

I ndiaidh dó a Ardteistiméireacht a dhéanamh i gColáiste Cranncha i mBun Cranncha, chuaigh Lee ar aghaidh go Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall chun tabhairt faoi chúrsa táthúcháin bunúsach in Ionad Oiliúna Ghaoth Dobhair, agus ina dhiaidh sin cúrsa táthúcháin idirmheánaigh i Leitir Ceanainn.

Tar éis tréimhse ag obair sa tionscal, d’fhill sé ar oiliúint táthúchán píobán códaithe leis an ETB agus tá sé ag obair ó shin i leith do Michael Doherty ó D&F Piping mar tháthaire píobáin.

I ndiaidh míonna oiliúna, tá Lee ag súil go mór leis an chomórtas agus dúirt sé, “Is mór an onóir dom a bheith mar chuid d’Fhoireann Éireann chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann sa chatagóir táthúcháin. Tá mo chroí go mór sa táthúchán agus tá mé i dtólamh ag amharc ar bhealaí chun mo thacar scileanna a bhisiú. Coinním súil i dtólamh ar a bhfuil le teacht sa réimse agus ba mhaith liom amharc chuige go seasfaidh mo scileanna an aimsir. Níor shamhlaigh mé riamh go mbeinn in iomaíocht ar an stáitse domhanda agus tá mé ag súil go mór leis an fód a sheasamh ar son na hÉireann. Tá súil agam go spreagfaidh mé daoine eile chun an rud céanna a dhéanamh.”

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na príomhurraitheoirí Lincoln Electric agus Metron Welding as a gcuid tacaíochta chun é seo a bhaint amach. Mo bhuíochas fosta le ETB Dhún na nGall agus le Cathal Mc Gee, as an deis oiliúna chuige seo agus le m’fhostóir D&F Piping as a dtacaíocht go dtí seo,” a dúirt sé.

Seo an tríú huair a chuir Teagascóir Táthúcháin ETB Dhún na nGall, Cathal McGee, as Srath an Urláir, oiliúint ar iomaitheoirí Táthúcháin WorldSkills na hÉireann. Mar an chéad bhall foirne táthúcháin riamh ó Bhord Oideachais agus Oiliúna le bheith ceaptha sa ról Saineolach seo, chuir sé oiliúint ar Christopher Kehoe as Loch Garman roimhe seo, do chomórtas WorldSkills 2019 in Kazan na Rúise agus Jamie Leahy as Ciarraí do chomórtas WorldSkills 2022 in Cleveland, Ohio sna Stáit Aontaithe.

Agus é ag caint faoin gcomórtas atá le teacht, dúirt Cathal, “Is táthaire an-chumasach é Lee agus chuir sé go leor obair crua isteach ina chuid oiliúna le cúpla mí anuas agus chuir a fhostóir Michael Doherty ó D&F Piping ar a chumas é seo a dhéanamh. Tháinig an dá iomaitheoir deiridh abhaile ó na comórtais sa Rúis agus sna Stáit Aontaithe le Boinn Sármhaitheasa– tá lánmhuinín agam i scileanna Lee agus tá mé ag súil go mór le dul go Lyon anois.”

Ón bhliain 1950, d’ardaigh WorldSkills feasacht i measc daoine óga, mar aon lena dtuismitheoirí, múinteoirí agus fostóirí go bhfuil a dtodhchaí ag brath ar chóras éifeachtach oiliúna maidir le scileanna. Tá an fiche geilleagar is mó ar domhan ina mBaill de WorldSkills, faoi mar atá cúig de na geilleagair is mó daonra. Tríd is tríd, is ionann an bhallraíocht agus dhá thrian de dhaonra an domhain.

Agus é ag caint faoi rannpháirtíocht ETB Dhún na nGall sa chomórtas WorldSkills, dúirt Ciaran O’Brien, Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall, “Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar Lee agus ar Cathal ag an gComórtas WorldSkills. Tagann táthúchán faoin chatagóir Teicneolaíocht Déantúsaíochta agus Innealtóireachta agus tugann an comórtas an deis do cheannairí in earnáil na tionsclaíochta, sa rialtas agus san earnáil oideachais eolas agus dea-chleachtas a mhalartú maidir le hearnáil na tionsclaíochta agus oideachas gairmiúil.”

“Tá ETB Dhún na nGall ar an soláthraí is fearr oiliúna táthúcháin san earnáil breisoideachais agus oiliúna, agus é an chéad ETB a thug isteach táthúchán réaltachta breisithe tamall de bhlianta ó shin agus le gairid thug muid táthúchán róbatach isteach inár gcuid oiliúna, mar aon lenár mbaill foirne a bheith mar eiseamláirí ar an ardán scileanna, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta,” a dúirt sé.

Beidh Craobhchomórtas WorldSkills ar siúl ón 10-15 Meán Fómhair in Lyon sa Fhrainc. Tá níos mó eolais ar fáil ar https://worldskills2024.com/. Tá an scéal is déanaí ar fáil ar shuíomh gréasáin (www.donegaletb.ie) agus ar chuntais meán sóisialta ETB Dhún na nGall (Facebook, Instagram, X/Twitter and LinkedIn).