Ar Ais ar Scoil … le hainm scoile, suaitheantas scoile agus culaith scoile nua!

Students and staff holding a cutout in front of banners.
School name and crest.
Ainm agus suaitheantas scoile nua Choláiste Eoghain.

D’fhill daltaí i scoil amháin in Inis Eoghain ar scoil an tseachtain seo caite agus ainm scoile, suaitheantas scoile agus culaith scoile nua acu.

Coláiste Chineál Eoghain a thugtaí ar Choláiste Eoghain roimhe seo, ach, le foirgneamh nua scoile le teacht, shocraigh na daltaí, an fhoireann, na tuismitheoirí agus pobal na scoile i gcoitinne níos luaithe i mbliana, ainm, suaitheantas agus culaith na scoile a uasdátú.

Is í an scoil an t-aon iar-bhunscoil lán-Ghaeilge in Inis Eoghain agus tá sí ar cheann de thrí iar-bhunscoil ar an leithinis atá faoi bhainistíocht Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB).

Image of person
Príomhoide Choláiste Eoghain Claire Ní Dhochartaigh.

Ag labhairt di faoin athrú ainm, mhínigh an Príomhoide Claire Ní Dhochartaigh, “Nuair a ceapadh mé mar Phríomhoide i mí Lúnasa seo caite, tugadh deis dúinn mar phobal scoile machnamh a dhéanamh ar ár luachanna, smaoineamh ar an oideachas a chuireann muid ar fáil, a bhfuil an gaeloideachas mar chroílár aige, agus pobal láidir scoile a thógáil. Thug an t-athbhrandáil pointe tosaigh dúinn chun tús a chur leis an obair seo agus inniu, i ndiaidh neart cainte, tá ainm scoile, suaitheantas scoile agus culaith scoile nua againn.”

Mhínigh sí go gciallaíonn an t-ainm roimhe seo, ‘Coláiste Chineál Eoghain’ Coláiste de threibh Eoghain agus go dtagann sé ó stíl na Sean-Ghaeilge a chuir mearbhall ar dhaoine ó lá go lá. Bhí pobal na scoile ag iarraidh é a shimpliú chun a chinntiú go dtuigeann gach teaghlach in Inis Eoghain agus na ceantair mháguaird go bhfuil an Ghaeilge do gach duine – cuireann an scoil fáilte roimh dhaltaí nach bhfuair a gcuid bunoideachais i nGaelscoil.

“Ciallaíonn Coláiste Eoghain Coláiste de chuid Eoghain; simplí agus fileata”, a dúirt sí.

Bhí baill foirne agus daltaí na scoile páirteach i ngach céim den phróiseas ó ainm na scoile go dearadh shuaitheantas agus chulaith na scoile, agus bhí sceitimíní le mothú sa scoil le cúpla mí anuas nuair a nocht Rannóg Cumarsáide ETB Dhún na nGall suaitheantas na scoile nua a léiríonn suíomh ardscéimhe na scoile ar Leithinis Inis Eoghain – bád seoltóireachta ar an loch, cnoic, an spéir agus an ghrian thart air.

Dúirt Iníon Ní Dhochartaigh “Ní hamháin gur athrú lógó nó dathanna atá san athbhrandáil seo, ach is straitéis é le cinntiú go bhfuil íomhá agus féiniúlacht na scoile ag teacht leis an oideachas dinimiciúil agus fadbhreathnaitheach a chuireann an scoil ar fáil, agus tá ár gcúig chroíluach: sármhaitheas, cúram, comhionannas, pobal agus meas mar bhonn faoin athbhrandáil.”

Image of person.
Leas-Phríomhoide Choláiste Eoghain Dáire Ó Néill.

In éineacht leis an Uasal Dáire Ó Néill, Leas-Phríomhoide, a ceapadh i mí Bealtaine na bliana seo, tá an fhoireann agus na daltaí ag súil go mór le foirgneamh nua scoile sna blianta amach romhainn.

“Tá mothú láidir ann go bhfuil muid ag cur tús le caibidil nua agus muid ag súil go mbeidh gach dalta ag maireachtáil de réir ár mana scoile, ‘Tapaigh an Deis’, rud a chiallaíonn an leas is mó a bhaint as deiseanna”, a dúirt Iníon Ní Dhochartaigh.

Ghabh sí buíochas leis an Dr. Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall agus leis an Dr. Sandra Buchanan, Oifigeach Cumarsáide ETB Dhún na nGall as a dtacaíocht agus a saineolas le linn an phróisis.

Ag labhairt dó faoin bhranda scoile nua, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, “Mar Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, tá lúcháir orm fáilte a chur roimh na hathruithe forásacha ar Choláiste Eoghain atá nua-ainmnithe. Is siombail iad ainm, suaitheantas agus culaith na scoile nua do chaibidil nua i stair na scoile agus ullmhaíonn siad muid don chaibidil nua sin fosta. Tá na hathruithe iontach tráthúil mar tá foireann bainistíochta nua againn i gColáiste Eoghain fosta, ar a mbeidh an Príomhoide Claire Ní Dhochartaigh agus Leas-Phríomhoide Dáire Ó Néill, a bhfuil, i gcomhar leis an Bhord Bainistíochta agus pobal na scoile, pleananna spreagúla acu chun timpeallacht foghlama atá dírithe ar na daltaí a fhorbairt tuilleadh. Tá an scoil ar bís faoi na pleananna chun an scoil a athlonnú go foirgneamh nua ar shuíomh campais na dtrí scoil i mBun Cranncha.”

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi dhalta a chlárú sa scoil, seol ríomhphost chuig colaisteeoghain@donegaletb.ie nó cuir scairt ar (074) 93 22350.

Students and staff holding a cutout in front of banners.
Coláiste Eoghain Principal Claire Doherty and Deputy Principal Dáire Ó Néill with first-year students in their new uniforms.