2024-2025 Réamheolaire Breisoideachais agus Oiliúna Foilsithe

Image of 2-24-2025 FET Prospectus cover.

D’fhoilsigh Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall a Réamheolaire FET úr don bhliain acadúil atá ag teacht, 2024-2025, eolaire a áiríonn roinnt cúrsaí úrnua a bheidh ag tosú ar fud an chontae.

Soláthraíonn an Réamheolaire eolas sonraithe ar níos mó ná 125 cúrsa lánaimseartha agus páirtaimseartha i réimsí éagsúla idir Leibhéal 1-6 agus tá go leor díbh cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach.

Clúdaítear réimsí foghlama sna cúrsaí amhail riarachán, gnó agus airgeadas; ealaín, ceardaíocht agus dearadh tógáil agus an timpeallacht thógtha cúrsaí do dhaoine faoi mhíchumas; cúram custaiméirí; foghlaim agus cúram na luath-óige innealtóireacht agus déantúsaíocht foghlaim teaghlaigh; gnáthfhoghlaim; scileanna glasa; gruaig agus scéimh; cúram sláinte agus sóisialta; gairneoireacht; TF agus ríomhaireacht; teangacha; eolaíocht; spóirt, áineas agus corpacmhainn; turasóireacht agus fáilteachas; iompar; tréidliacht agus an clár Cumasóige do luathfhágálaithe scoile.

Tá eolas ar phrintíseachtaí, conas cáilíochtaí a bhaint amach leis an phróiseas um Aitheantas Réamhfhoghlama agus tacaíochtaí rannpháirtíochta fiontair san áireamh fosta.

I measc na gcúrsaí úra atá liostáilte i Réamheolaire na bliana seo, tá cúig chúrsa lánaimseartha Conaire Leibhéal 4 a forbraíodh chun cur ar chumas leanúint ar aghaidh lena staidéar agus deiseanna fostaíochta a fhiosrú a bhaineann leis an Staidéar Gnó, Staidéar Sláinte agus Corpacmhainne, Cúram Sláinte agus Staidéar Altranais, Cúntóireacht Riachtanas Speisialta agus Staidéar na Luathfhoghlama agus Eolaíochtaí Sóisialta.

Dóibh siúd atá ag obair i dtionscal na scéimhe, tá cúrsa úr páirtaimseartha oscailte i mbliana Smideadh Faisin, Amharclannaíochta agus na Meán.

Agus é ag caint fá dtaobh d’fhoilsiú an Réamheolaire, dúirt Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall, Ciaran O’Brien “is é an misean atá ag ETB Dhún na nGall ná deiseanna oideachais agus oiliúna a thairiscint do scoláirí a chuideoidh leo barr a gcumais a bhaint amach agus cur le saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta a gcuid pobal. Cuireann ár Seirbhís FET réimse éagsúil cúrsaí deimhnithe ar fáil ó Leibhéal 1-6 ar an Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí i ngach cearn den chontae leis an mhisean sin a chur i gcrích agus tá lúcháir orm iad uilig a fheiceáil foilsithe sa Réamheolaire úr seo.”

Dúirt sé fosta, “Ghlac os cionn 19,000 duine páirt inár gcúrsaí FET timpeall an chontae an bhliain a chuaigh thart, agus tá muid ag súil le fáilte a chur roimh go leor scoláirí úra an Fómhar seo agus an bhliain seo chugainn.”

Is féidir Réamheolaire FET an ETB a fheiceáil anois sa rannán Foilseacháin agus Acmhainní ar a shuíomh gréasáin anseo nó trí theagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh trí ríomhphost a chur chuig adultguidance@donegaletb.ie nó trí scairt a chur ar 074 9178088 le breis eolais a fháil.

Is féidir le hiarratasóirí cur isteach ar na cúrsaí sin fosta ar shuíomh gréasáin an ETB (https://www.donegaletb.ie/fetcoursefinder).