Osclaíonn an tAire Oideachais foirgnimh nua ag Coláiste an Earagail, Leitir Ceanainn

Large group of people outside a building.
Large group of people outside a building.
Osclaíonn an tAire Oideachais Norma Foley, T.D., foirgnimh mhodúlacha nua Choláiste an Earagail i Leitir Ceanainn go hoifigiúil.

D’oscail an tAire Oideachais Norma Foley, T.D., foirgníocht mhodúlach nua Choláiste an Earagail in Windyhall, Leitir Ceanainn go hoifigiúil Dé Déardaoin, an 23 Bealtaine.

Tá an foirgneamh dhá stór, a críochnaíodh níos luaithe i mbliana, comhdhéanta de sheacht seomra ranga agus trí spás RSO. Tá trí sheomra ranga san fhoirgneamh aon stóir.

Tá na seomraí ranga go léir deartha le bheith ilfheidhmeach agus le freastal ar dhisciplíní éagsúla ábhair agus foghlama. Tá siad feistithe leis an trealamh is úrscothaí chun tacú le foghlaim agus le teagasc sa seomra ranga.

Person speaking at a podium.
Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall an Dr Martin Gormley ag labhairt i ndiaidh don Aire Oideachais Norma Foley, T.D., foirgnimh mhodúlacha nua Choláiste an Earagail a oscailt go hoifigiúil.

Ag labhairt dó ag an oscailt, dúirt an Dr Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, “Aithním an tacaíocht a fuaireamar ón Aire agus ó oifigigh na Roinne Oideachais chun an tionscadal seo a thabhairt chun críche. Cuirfidh na háiseanna feabhsaithe tuilleadh feabhais ar an timpeallacht teagaisc agus foghlama dár mic léinn agus dár bhfoireann. Gabhann ETB Dhún na nGall agus Coláiste an Earagail buíochas leis an Aire as a tacaíocht leanúnach i dtaca leis an scoil a fhorbairt tuilleadh.”

Person speaking at a podium.
Príomhoide Choláiste an Earagail, Danny McFadden ag labhairt ag oscailt oifigiúil na bhfoirgneamh modúlach nua ag an Aire Oideachais Norma Foley, T.D.

Dúirt Príomhoide Choláiste an Earagail, an tUasal Danny McFadden, “Tá lúcháir orainn an tAire a bheith anseo inniu, chun ár bhfoirgneamh nua a oscailt go hoifigiúil. Deis a bhí ann inniu dúinn ár ndaltaí den scoth agus scoil iontach a chur os comhair an phobail. Cuirimid comhionannas deiseanna chun cinn do gach duine, gan srian ag cúlra, cumas, teanga ná inscne. Tá a fhios againn go gcruthaíonn deis rath, agus tá an t-ádh linn go bhfuil an saineolas agus na háiseanna againn chun deiseanna a chur ar fáil dár mic léinn ar fad.”

Person speaking at a podium.
An tAire Oideachais Norma Foley, T.D., ag labhairt ag oscailt oifigiúil na bhfoirgneamh modúlach nua i gColáiste an Earagail.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley T.D., “Is onóir é a bheith anseo inniu chun foirgníocht mhodúlach nua Choláiste an Earagail a oscailt go hoifigiúil ina bhfuil deich seomra ranga agus spásanna RSO. Tá a fhios agam go mbeidh rath ar na mic léinn sna háiseanna iontacha seo.” agus lean sí léi, “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhfoireann ar fad as an obair iontach a dhéanann siad gach lá.”

 

Group of people standing in front of a sign.
Osclaíonn an tAire Oideachais Norma Foley, T.D., foirgnimh mhodúlacha nua Choláiste an Earagail go hoifigiúil le Charlie McConalogue T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Rannóg Bainistíochta Eastát ETB Dhún na nGall, foireann, ailtirí agus innealtóirí.