ETB Logo

Dualgas na hEarnála Poiblí

Dualgas na hEarnála Poiblí

Is dualgas dlíthiúil ar chomhlachtaí poiblí é Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine (Dualgas na hEarnála Poiblí), atá le fáil in Alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, chun aird a thabhairt ar an ghá atá le deireadh a chur le hidirdhealú, comhionannas deiseanna a chur chun cinn agus cearta daonna fhoireann na hearnála poiblí agus úsáideoirí seirbhísí a chosaint.

Ceanglaíonn sé ar chomhlachtaí poiblí an dualgas seo a chur i bhfeidhm trí chéimeanna chun Measúnú a dhéanamh ar chúrsaí, chun Tabhairt faoi chúrsaí agus chun cúrsaí a Thuairisciú, chun:

  • measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna comhionannais agus cearta daonna atá roimh na grúpaí sainaitheanta don Dualgas mar a bhaineann lena bhfeidhmeanna;
  • beartais, pleananna agus gníomhartha a fhorbairt chun tabhairt faoi na saincheisteanna seo; agus
  • tuairisc bhliantúil a thabhairt ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachtálacha i dtaca leis na gníomhartha sin.

Is dualgas dlíthiúil ar chomhlachtaí poiblí é Dualgas na hEarnála Poiblí, atá le fáil in Alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014, chun aird a thabhairt ar an ghá atá le deireadh a chur le hidirdhealú, cothromaíocht deiseanna a chur chun cinn agus cearta daonna fhoireann na hearnála poiblí agus úsáideoirí seirbhísí a chosaint.

Is iad seo a leanas na grúpaí atá aitheanta don Dualgas:

  • grúpaí atá clúdaithe ag na naoi bhforas chosanta faoin reachtaíocht comhionannais: inscne (lena n‑áirítear daoine trasinscneacha agus daoine atá ag aistriú chuig a bhfíor-inscne); stádas sibhialta; stádas teaghlaigh (lena n-áirítear tuismitheoirí aonair agus cúramóirí); aois; míchumas; claonadh gnéis; cine (lena n-áirítear cine, dath craicinn, náisiúntacht agus bunúis eitneacha nó náisiúnta); reiligiún (creideamh ar bith nó gan chreideamh); agus ballraíocht den Lucht Siúil; agus
  • grúpaí a chlúdaítear mar gheall ar a stádas socheacnamaíoch, atá bocht nó ar imeall an phobail nó atá i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta, lena n-áirítear daoine ón lucht oibre, daoine atá faoi mhíbhuntáiste toisc go bhfuil cónaí orthu i gceantar tuaithe, agus iarchiontóirí.

Ceanglaíonn sé ar chomhlachtaí poiblí an dualgas seo a chur i bhfeidhm trí chéimeanna chun Measúnú a dhéanamh ar chúrsaí, chun Tabhairt faoi chúrsaí agus chun cúrsaí a Thuairisciú, chun:

measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna comhionannais agus cearta daonna atá roimh na grúpaí sainaitheanta don Dualgas mar a bhaineann lena bhfeidhmeanna

– beartais, pleananna agus gníomhartha a fhorbairt chun tabhairt faoi na saincheisteanna seo; agus

tuairisc bhliantúil a thabhairt ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachtálacha i dtaca leis na gníomhartha sin.

Agus na céimeanna seo á gcur i bhfeidhm, tá na tionscnaimh seo a leanas déanta ag ETB Dhún na nGall:

Measúnú a dhéanamh: Tá measúnú déanta ag ETB Dhún na nGall ar na saincheisteanna comhionannais agus cearta daonna atá roimh na grúpaí aitheanta faoin Dualgas, a bhaineann le feidhmeanna ETB Dhún na nGall.

Ag Tabhairt faoi: Tá ETB Dhún na nGall ag tabhairt faoi na saincheisteanna a d’aithin sé ina mheasúnú ag amanna tábhachtacha i bhforbairt nó in athbhreithniú a phlean, a chlár, a nósanna imeachta agus a bheartas agus tá an obair seo á cumasú aige le hoiliúint foirne.

Tuairisciú: Tuairiscíonn ETB Dhún na nGall gach bliain ar an dul chun cinn agus ar an mhéid atá bainte amach aige maidir le dul i ngleic leis na saincheisteanna sin. Is féidir leat ár dtuarascáil is déanaí a léamh anseo.

Tá plean forfheidhmithe don Dualgas forbartha ag ETB Dhún na nGall (ar féidir leat a léamh anseo), a chuimsíonn:

  • Ár ráiteas luachanna comhionannais agus cearta daonna, ar atá ár n-uaillmhian don Dualgas agus cur i bhfeidhm an Dualgais in ETB Dhún na nGall bunaithe.
  • Ár measúnú ar na saincheisteanna comhionannais agus cearta daonna atá roimh na grúpaí atá aitheanta don Dualgas a bhaineann lenár bhfeidhmeanna éagsúla, ár gcéad chéim riachtanach faoin Dualgas.
  • Ár straitéis maidir le cur i bhfeidhm leanúnach an Dualgais in ETB Dhún na nGall a chumasú agus a shaothrú.

Acmhainní Úsáideacha

Oiliúint don fhoireann

Tá modúl ríomhfhoghlama forbartha ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas d’fhoireann na hearnála poiblí chun tacú le comhlachtaí poiblí Dualgas na hEarnála Poiblí a chur i bhfeidhm ar féidir rochtain a fháil air anseo. Tá trí aonad ann a thógfaidh thart ar thrí huaire an chloig le cur i gcrích.

Tá trí aonad sa mhodúl ríomhfhoghlama:

  • Aonad 1: Comhionannas sa tSeirbhís Phoiblí – Tabharfaidh an t-aonad seo eolas duit ar chomhionannas agus ar na dualgais chomhionannais atá ar chomhlachtaí poiblí chomh maith le tacaíocht a thabhairt duit iniúchadh a dhéanamh ar shaincheisteanna comhionannais atá roimh an fhoireann agus roimh úsáideoirí seirbhíse.
  • Aonad 2: Cearta an Duine sa tSeirbhís Phoiblí – Tabharfaidh an t-aonad seo eolas duit ar choincheapa chearta an duine agus ar dhualgais chearta an duine atá ar chomhlachtaí poiblí agus tacóidh sé le d’iniúchadh ar shaincheisteanna atá roimh an fhoireann agus roimh úsáideoirí seirbhíse.
  • Aonad 3: Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine – Tabharfaidh an t-aonad seo eolas duit ar Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine agus na céimeanna atá i gceist lena chur i bhfeidhm.

Blaganna

Físeáin