Leas-Phríomhoide nua ceaptha ar Choláiste Chineál Eoghain

Image of person
Image of person.
Leas-Phríomhoide nuacheaptha Choláiste Chineál Eoghain Dáire Ó Néill.

Tá sé fógartha ag Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall go bhfuil an tUasal Dáire Ó Néill ceaptha mar Leas-Phríomhoide nua ar Choláiste Chineál Eoghain i mBun Cranncha.

Tá Coláiste Chineál Eoghain ar cheann de thrí iar-bhunscoil in Inis Eoghain agus ar cheann de shé cinn a bhíonn ag teagasc trí mheán na Gaeilge agus atá faoi bhainistíocht ETB Dhún na nGall.

As Leitir Ceanainn ó dhúchas dó, chríochnaigh Dáire a bhunscolaíocht agus a iar-bhunscolaíocht i nGaelscoileanna, Gaelscoil Adhamhnáin agus Coláiste Ailigh, sular bhain sé Baitsiléir Ealaíon sna Daonnachtaí amach i gColáiste Cheatharlach, agus Dioplóma Gairmiúil san Oideachas ag OÉ Gaillimh in 2013. Ghnóthaigh sé iarchéim bhreise, “Teastas Iarchéime i dTeagasc Ábharbhunaithe san Iar-bhunscolaíocht Lán-Ghaeilge”, ó Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach in 2021.

Theagasc Dáire Béarla, Gearmáinis agus Stair i gColáiste na Carraige ar feadh cúig bliana sular thosaigh sé ag obair i gColáiste Chineál Eoghain in 2022, áit ar theagasc sé Béarla agus Stair agus bhí Post mar Chomhordaitheoir Cláir Idirbhliana aige in 2023 fosta.

Ag labhairt dó faoina cheapachán nua, dúirt Dáire: “Is mór an onóir dom a bheith ceaptha mar Leas-Phríomhoide ar Choláiste Chineál Eoghain. Is am iontach é a bheith bainteach leis an scoil agus tá mé tógtha le cur le todhchaí na Gaeilge in Inis Eoghain. Is é mana na scoile “Tapaigh an Deis” agus molaim do gach duine ar spéis leo Gaeilge a fhoghlaim “an deis a thapú. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár bhfoireann dhochreidte as a dtacaíocht agus tá mé ag dúil le bheith ag obair leo sa chéim nua seo don scoil leis an champas nua trí scoil.”

Image of two men shaking hands.
Leas-Phríomhoide nuacheaptha Choláiste Chineál Eoghain Dáire Ó Néillle Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley.

Agus é ag déanamh comhghairdis le Dáire ar a cheapachán, dúirt an Dr Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Dáire as a cheapachán mar Leas-Phríomhoide nua i gColáiste Chineál Eoghain. Tá mé lánchinnte go gcuideoidh a cheannaireacht le forbairt agus daingniú na scoile a chur chun cinn mar chuid de phobal láidir a bhfuil suim acu i gcur chun cinn na Gaeilge. Beidh Dáire in éineacht lenár bPríomhoide, Claire Doherty, Uasal, mar chuid d’fhoireann ardbhainistíochta na scoile. Tá mé ag tnúth leis an tionchar dearfach, gan aon amhras, a bheidh acu, ina róil faoi seach, agus an scoil ag bogadh ar aghaidh chuig céim nua forbartha.”

Tá Coláiste Chineál Eoghain ar cheann de chúig scoil déag as fiche seacht iar-bhunscoil atá faoi bhainistíocht ETB Dhún na nGall, an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae, agus is páirtí iontaobhaí é fosta ar ocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheacha eile sa chontae. D’fhreastail níos mó ná 5,900 mac léinn ar iar-bhunscoileanna ETB Dhún na nGall sa scoilbhliain 2023/24.

Cuirfidh Dáire tús lena cheapachán láithreach bonn.