Cháiligh ceathair thionscadal scoile de chuid ETB Dhún na nGall don 60ú Taispeántas Eolaí Óg & Teicneolaíochta. Beidh an ócáid ar siúl san RDS, Baile Átha Cliath ón 11-14 Eanáir, 2024. Tá sé mar aidhm ag an Taispeántas daoine óga a spreagadh ionas go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar na deiseanna is féidir le gairm i réimse a bhaineann le ETIM a thairiscint.
Tagann na ceathair thionscadal ó dhá scoil, Gairmscoil na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall agus Coláiste Ailigh i Leitir Ceanainn. Tá trí iontráil déag san iomlán cáilithe ó Chontae Dhún na nGall. Is iad na tionscadail a cháiligh ná:
Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall (1 Ontráil aonair)
- Imscrúdú ar éifeachtaí físchluichí agus spóirt foirne ar thuigmháil na mac léinn ar choincheapa teoiric cluiche agus ar réiteach fadhbanna (Eolaíochta Sóisialta agus Iompraíochta)
- Which is the most ‘essential’ essential oil at preventing the growth of fungal mould on citrus fruits. (Eolaíochtaí Bitheolaíochta agus Éiceolaíocha)
Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn (2 Iontrálacha grúpa)
- Imscrúdú ar éifeachtúlacht Olann gharbh mar inslitheoir tí ailtéarnach (Eolaíochtaí Ceimiceacha, Fisiceacha agus Matamaiticiúla)
- Staidéar ar éifeacht feirmeoireachta, tithíochta agus tionsclaíochta ar bhithéagsúlacht na Leanainne (Eolaíochtaí Bitheolaíochta agus Éiceolaíocha)
Is féidir liosta iomlán na dtionscadal a bhfuil áit bainte amach acu sa Taispeántas a fheiceáil anseo.
–
Uasdátú an 12 Eanáir 2024:
Gradaim Chatagóire
- Duais an Ghrúpa Shinsearaigh sa Chatagóir Bhitheolaíochta agus Éiceolaíochta: bainte ag Jane Faulkner agus Robyn Given ó Ghairmscoil na Mainistreach dá dtionscadal “Cé acu an bhláthola is riachtanaí chun cosc a chur ar fhás múscáin fhungasaigh ar thorthaí citris.”
- Tríú Duais an Ghrúpa Shóisearaigh sa chatagóir Eolaíochtaí Ceimiceacha, Fisiceacha agus Matamaiticiúla: bainte ag Sienna Devine ó Choláiste Ailigh dá tionscadal “Imscrúdú ar éifeachtúlacht Olann gharbh mar inslitheoir tí ailtéarnach.”
Gradaim Speisialta
- An Fóram Uisce/An Gradam Uisce: bainte ag Caolan Mc Taggart, Daithí Mac Diarmada agus Matthew Farrell ó Choláiste Ailigh, dá dtionscadal “Staidéar ar éifeacht feirmeoireachta, tithíochta agus tionsclaíochta ar bhithéagsúlacht na Leanainne.”
Ardmholta
- An chatagóir Eolaíochtaí Sóisialta agus Iompraíochta: Tionscadal Samaire Fern, mac léinn de chuid Ghairmscoil na Mainistreach, “Imscrúdú ar na tionchair a bhíonn ag físchluichí agus spóirt foirne ar thuiscint mac léinn ar choincheapa a bhaineann le teoiric chluiche agus fadhbréiteach.”
- An chatagóir Bhitheolaíochta agus Éiceolaíochta: Tionscadal Caolan Mc Taggart, Daithí Mac Diarmada agus Matthew Farrell, mic léinn de chuid Choláiste Ailigh “Staidéar ar éifeacht feirmeoireachta, tithíochta agus tionsclaíochta ar bhithéagsúlacht inbheartabrach na Leanainne.”