Mac léinn FET agus Printíseach ETB Dhún na nGall i measc Bhuaiteoirí Chomórtais WorldSkills Ireland 2023

Two people side by side
Two people side by side
Lee Davison (Bun Cranncha), buaiteoir chomórtas Táthúcháin WorldSkills Ireland 2023 agus Martin Doherty (an Clochán), buaiteoir chomórtas Chothabháil na bhFeithiclí Troma 2023.

Bhí beirt bhuaiteoir ó Dhún na nGall i measc bhuaiteoirí chomórtais WorldSkills Ireland 2023 a fógraíodh i mBaile Átha Cliath aréir.

Lee Davison ó Bhun Cranncha a bhuaigh comórtas Táthúcháin WorldSkills Ireland 2023, agus Martin Doherty ón Chlochán a bhuaigh comórtas Cothabháil na bhFeithiclí Troma.

Tagann an méid sin i ndiaidh comórtais a mhair trí lá i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, ina raibh siad in iomaíocht le daoine as measc na ndaoine is cumasaí ina gcuid réimsí féin ar fud na tíre.

Bhain iar-mhac léinn Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Lee, ag déanamh ionadaíochta ar Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall, a d’fhreastal ar Choláiste Cranncha roimhe seo, cúrsaí bunúsacha, idirmheánacha, agus códaithe amach i dtathúchán píopaí le seirbhís FET ETB Dhún na nGall. Tá Martin, iar-mhac léinn i nGairmscoil Chú Uladh, ag tabhairt faoi Phrintíseacht mar Mheicneoir Feithiclí Troma le Bus Éireann. Bronnadh bonn airgid mór le rá de chuid na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (DFHERIS) orthu as ucht a gcuid oibre.

Two people standing side by side.
Iar-phrintíseach Cearpantóireachta agus Siúinéireachta de chuid ETB Dhún na nGall, agus buaiteoir chomórtas Siúinéireachta WorldSkills Ireland 2023, Joe Kelly, as Gaillimh, le Teagascóir Cearpantóireachta agus Siúinéireachta agus scrúdaitheoir chomórtas Siúinéireachta Anthony O Donnell.

Iar-phrintíseach Cearpantóireachta agus Siúinéireachta de chuid ETB Dhún na nGall a bhuaigh an comórtas Siúinéireachta fosta, Joe Kelly, arb as Gaillimh dó.

Tá WorldSkills Ireland mar chomhpháirtíocht idir earnálacha na tionsclaíochta, an oideachais, na hoiliúna agus an rialtas, lena gcuirtear próifíl agus aitheantas scileanna agus printíseachtaí chun cinn agus lena n-ullmhaítear lucht cumasach an lae inniu le haghaidh gairmeacha sa todhchaí.

Is iomaí a rinne ionadaíocht ar son mhic léinn FET agus phrintísigh ETB Dhún na nGall ag comórtas WorldSkills Ireland i mbliana, ar fhreastal 30,000 cuairteoir air thar trí lá.

Bhí mac léinn táthúcháin agus iar-mhac léinn Choláiste an Earagail Darren O Donnell as Lisnennan i Leitir Ceanainn páirteach sa chomórtas táthúcháin fosta, agus bhí printíseach Nathan Wray as an Dúinín, iar-mhac léinn i nGairmscoil na Mainistreach, páirteach sa chomórtas Cearpantóireachta. Bhí beirt phrintíseach as Conmhaigh, Oran Taylor agus Tyler Harkin, páirteach i gcomórtais Suiteála Leictrí (Oran) agus Pluiméireachta agus Teasa (Tyler).

Bhí printísigh Cearpantóireachta agus Siúinéireachta Dhún na nGall Barry Ryan (as Baile Átha Cliath) agus Richard McElwaine (as Muineachán) páirteach sa chomórtas Siúinéireachta, agus bhí iar-phrintíseach mheicneora charranna de chuid ETB Dhún na nGall Patrick Aaron Martin as Carraig Mhachaire Rois, Contae Mhuineacháin, páirteach i gcomórtas WorldSkills Ireland 2023 fosta.

Bhain na daoine óga iontacha seo uilig teastais Bharr Feabhais amach as dul thar cionn sna réimsí arna roghnú acu le háit a fháil sa chomórtas.

Two people side by side.
Pictiúir de phrintíseach as Dún na nGall, Diarmuid McCaughey a labhair ar stáitse na Laochra WorldSkills 2023, le Claire Gillespie, Seirbhísí Printíseachta ETB Dhún na nGall.

Labhair printíseach eile de chuid ETB Dhún na nGall, Diarmuid McCaughey, atá i mbun printíseacht Leibhéal 7 san Innealtóireacht Déantúsaíochta le Abbotts Diabetes Care i mBaile Dhún na nGall agus a moladh do Phrintíseach na Bliana 2023, faoina aistear printíseachta ar stáitse na Laochra ag an ócáid.

Two people standing together
Lee Davison, buaiteoir chomórtas Táthúcháin WorldSkills Ireland 2023 agus Cathal McGee, Teagascóir Sinsearach Tathúcháin ETB Dhún na nGall agus Saineolaí WorldSkills Ireland sa Táthúchán agus Príomh-Scrúdaitheoir Chomórtas 2023.

Bhí baint ag foireann ETB Dhún na nGall i seóthaispeántas na scileanna fosta. Bhí Teagascóir Cearpantóireachta agus Siúinéireachta Anthony O’Donnell ina scrúdaitheoir sa chomórtas Siúinéireachta, agus bhí Teagascóir Sinsearach Tathúcháin ETB Dhún na nGall, Cathal McGee, atá ina Shaineolaí WorldSkills sa táthúchán, mar Phríomh-Scrúdaitheoir sa chomórtas táthúcháin, i gceannas ar fhoireann de thriúir scrúdaitheoir.

Agus é ag labhairt faoin gcomórtas táthúcháin, dúirt Cathal “Táthúchán den chéad scoth a bhí sa táthúchán a bhí le feiceáil ag comórtas na seachtaine seo agus rinne na hiomaitheoirí uilig a míle dícheall.”

Dúirt Ray English, Cathaoirleach WorldSkills Ireland: “Tá scileanna agus printíseachtaí ríthábhachtach ionas go bhféadfaidh príomh-thionscail agus geilleagar na hÉireann ina iomláin fás agus forbairt. Creidimid gur féidir linn cabhrú le todhchaí níos fearr a chruthú dár ndaoine óige, dár dtionscail, agus dár dtír trína bheith ag obair leis na deiseanna sna earnálacha seo a chur chun cinn.”

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar www.worldskillsireland.ie nó lean WorldSkills Ireland 2023 ar na meáin sóisialta.

Three people side by side.
Teagascóir Cearpantóireachta agus Siúinéireachta ETB Dhún na nGall Anthony O Donnell (lár) le printísigh ETB Dhún na nGall agus rannpháirtithe i gcomórtas Siúinéireachta WorldSkills Ireland 2023 Richard McElwaine agus Barry Ryan.