Bhain Ionad Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall i mBaile na nGallóglach an Gradam Sármhaitheasa sa Bhreisoideachas agus Oiliúint le haghaidh a thionscnaimh Aitheantais Réamhfhoghlama (RPL), ag searmanas bronnta Ghradaim Shármhaitheasa ETBI, ócáid a reáchtáladh den chéad uair le gairid.
Reáchtáil Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI) an searmanas Déardaoin, 2 Márta mar pháirt dá chuid imeachtaí le ceiliúradh a dhéanamh ar dheich mbliana de Bhoird Oideachais agus Oiliúna (ETBanna) in Éirinn.
Cuireann RPL próiseas tacúil ar fáil a osclaíonn conairí foghlama agus fostaíochta d’achan duine. Cuireann sé imeascadh agus éagsúlacht chun cinn trí fhreastal orthu siúd atá fostaithe ach nach raibh seans acu deiseanna acadúla a thapú, lena chinntiú gur féidir leo cáilíochtaí a bhaint amach atá ag teacht lena dtaithí.
Comhordaitheoir RPL Siobhán Murray agus Oifigeach Oideachais Aosaigh Aidan Mc Closkey a ghlac an gradam arna bhronnadh ag POF SOLAS Andrew Brownlee, fear a thvuiteáil níos moille gur “onóir mhór an gradam a bhronnadh ar ETB Dhún na nGall – ceannródaithe ó thaobh RPL a sheachadadh in FET – tuillte go maith acu as a nuálaíocht & a shármhaitheas & as dea-shampla a thabhairt; tá an chuid eile den earnáil á leanúint anois.”
Bronnadh na gradaim ag searmanas speisialta ag Páirc an Chrócaigh, ócáid a cheiliúir ‘Lá na nETBanna’ fosta. Léitheoir nuachta RTÉ Ray Kennedy a d’óstáil an searmanas, iarmhac léinn ETB é féin, agus bhí ionadaithe i láthair ó gach ceann de na sé ETB déag ar fud na tíre.
Cuireadh ETB Dhún na nGall ar ghearrliosta le haghaidh dhá dhuais eile fosta – Laoch ETB (múinteoir Choláiste an Eargail Evan Gorrell) agus Sármhaitheas sa Ghaeloideachas (Gairmscoil Chú Uladh
Agus é ag tréaslú leis na buaiteoirí, dúirt Paddy Lavelle, Príomhfheidhmeannach ETBI: “Údar mór bróid domsa tréaslú leis na buaiteoirí ar fad, agus go deimhin leo siúd a bhí sa dara háit as an dóigh ar éirigh leo i nGradaim Shármhaitheasa ETBI, an chéad uair a reáchtáladh an comórtas. Fuair muid thar 500 iontráil ó ETBanna ar fud na tíre ag tabhairt eolais faoi na daoine agus faoi na tionscnaimh iontacha atá ar bun acu i ngach cearn d’Éirinn.
“Bhí an caighdeán sna catagóirí ar fad thar a bheith iomaíoch, rud a chiallaíonn go raibh jab an-deacair againn na hiontrálacha a laghdú agus ár mbuaiteoirí a roghnú. Is fiú go mór obair na nETBanna – ní hamháin na cinn ar tugadh aitheantas oifigiúil dóibh ag an searmanas bronnta- a aithint agus a mholadh. Tá siad tiomanta don oideachas agus don fhoghlaim agus paiseanta faoi. Imríonn siad ról ríthábhachtach lena chinntiú go bhfuil a lán roghanna éagsúla ar fáil do dhaoine le deiseanna oideachais agus oiliúna a thapú ar fud na tíre, beag beann ar cén staid ag a bhfuil siad ar a dturas foghlama.
“Tá an bhliain seo ina garsprioc d’ETBanna agus muid ag ceiliúradh deich mbliana ó bunaíodh iad in Éirinn. Le deich mbliana anuas, chuir ETBanna deisanna foghlama agus oideachais ar fáil do gach duine – lena n-áirítear bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, breisoideachas agus oiliúint agus seirbhísí óige. Tá córas oideachais na hÉireann athraithe as éadan ag ETBanna, agus tá súil agam gur féidir linn leanúint ar aghaidh le conairí foghlama a sheachadadh atá nuálaíoch, éagsúil agus solúbtha sna deich mbliana amach romhainn, agus níos faide ar aghaidh.”
Le breis eolais a fháil ar RPL tabhair cuairt ar https://www.donegaletb.ie/further-education-training/employers/upskilling-employees/recognition-of-prior-learning-rpl/.