Gealltanas Tugtha ag Réaltaí Spóirt as Dún na nGall go ndéanfaidh siad ‘Giota Léitheoireachta’ ar an 25 Feabhra

Image of sports star and logos

Image of sports star and logos

Tá gealltanas tugtha ag lear mór réaltaí spóirt as Dún na nGall go ndéanfaidh siad ‘giota léitheoireachta’ Dé Sathairn, 25 Feabhra agus tá siad ag impí ar an phobal déanamh amhlaidh.

Thug na réaltaí a gcuid gealltanas i bhfíseán arna chur le chéile ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) agus Leabharlann Chontae Dhún na nGall mar chuid den tionscnamh Léann Éireann, scéim a thugann cuireadh don phobal i gcoitinne gealltanas a thabhairt go léifidh siad cibé rud is mian leo ar feadh cibé cén am is mian leo ar an lá.

Is iad na daoine atá le feiceáil san fhíseán ná Eamonn Kelly (tiománaí railí), Emer Gallagher (LGFA Dhún na nGall), Frank McGlynn (CLG Dhún na nGall), Wendy Patterson (haca), Colm Richardson (rothaíocht), Ollie Horgan (sacar), Ritchie Fitzgerald (surfáil), Chloe Magee (badmantan), Mark English (lúthchleasaíocht) agus Jason Quigley (dornalaíocht).

Agus í ag caint faoin tionscnamh, dúirt Comhordaitheoir Réigiúnach Litearthachta d’Aosaigh le ETB Dhún na nGall, Adele McElhinney, “Lá náisiúnta atá ann le ceiliúradh a dhéanamh ar an léitheoireacht agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an deichniúr réaltaí mór le rá as Dún na nGall as cuidiú linn aird a tharraingt ar an tionscnamh trí leabhar áirithe amháin san fhíseán poiblíochta seo. Legends an teideal atá ar an leabhar agus is cnuasach de chúig scéal déag é, bunaithe ar chuid de na réaltaí spóirt is fearr ó Éirinn ar nós Sonia O’Sullivan, Keith Earls, Katie Taylor agus Paul O’Connell.

Patricia Scanlon a rinne eagarthóireacht ar an leabhar agus tá sé foilsithe ag an Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d’Aosaigh (NALA). Tá sé scríofa i mBéarla simplí le léitheoirí úra agus léitheoirí atá ag teacht chun cinn a spreagadh.”

Ireland Reads logoAgus é ag míniú cad chuige ar chóir do dhaoine an gealltanas a thabhairt, dúirt Joseph Kelly, Leabharlannaí Feidhmiúcháin ó Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair, “Tá sé tábhachtach roinnt ama a ghlacadh duit féin le do scíth a ligean agus rudaí a bhfuil dúil agat iontu (cosúil leis an léitheoireacht) a dhéanamh; cuidíonn sé leat aire a thabhairt do do mheabhairshláinte. Tá cóipeanna den leabhar ar fáil ó aon bhrainse de Leabharlann Chontae Dhún na nGall agus is féidir le daoine páirt a ghlacadh agus gealltanas a thabhairt go ndéanfaidh siad giota léitheoireachta ar www.irelandreads.ie, áit a bhfuil moltaí ar fáil maidir le leabhair atá oiriúnach do na spéiseanna atá ag daoine agus an méid ama a bheidh le spáráil acu. Tá níos mó ná 1,500 moladh ann ó leabharlannaithe ar fud an chontae do gach cineál spéise agus do gach leibhéal léitheoireachta. Cad chuige nach mbeifeá linn?”

Is féidir le haosaigh ar mian leo foghlaim trí spórt agus tríd an leabhar sin nó iad siúd ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid léitheoireachta, scríbhneoireachta, scileanna uimhris agus digiteacha clárú le haghaidh cúrsa páirtaimseartha le Seirbhís FET ETB Dhún na nGall trí theagmháil a dhéanamh leis na daoine cuí ar na huimhreacha thíos:

  • Baile Dhún na nGall: Trisha Walsh Gillespie – 086 8207338
  • Leitir Ceanainn/Baile na nGallóglach: Emilia Niewulska – 086 1740683
  • Srath an Urláir: Georgina Thompson – 087 7002294
  • Gort an Choirce: Dolores Mhic Geidigh – 086 1740677
  • Bun Cranncha: Claire McNicholl – 086 1740684