Tá áit bainte amach sa 59ú Taispeántas Eolaí Óg & Teicneolaíochta ag dhá thionscadal déag de chuid scoileanna ETB Dhún na nGall. Beidh an ócáid ar siúl san RDS, Baile Átha Cliath ón 11-14 Eanáir, 2023. Tá sé mar aidhm ag an Taispeántas daoine óga a spreagadh ionas go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar na deiseanna is féidir le gairm i réimse a bhaineann le ETIM a thairiscint.
Tagann an t-aon tionscadal déag ó dhá scoil, Gairmscoil na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall, Coláiste Ailigh i Leitir Ceanainn agus Coláiste Pobail Bhun an Phobail. Tá áit bainte amach ag cúig iontráil is fiche ó Chontae Dhún na nGall. Is iad na tionscadail a bhfuil áit bainte amach acu ná:
Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall (1-5 iontrálacha aonair; 6 iontráil ghrúpa)
- Nanacháithníní silice a úsáid le cumhdaigh dromchla frithmhiocróbacha féinchothabhálacha a chruthú (Eolaíochtaí Ceimiceacha, Fisiceacha agus Matamaiticiúla)
- Tacaíocht Imtharraingthe Cúl-Aeir – BAGS (Teicneolaíocht)
- Athrú Séasúrach i ngníomhaíocht fhrithmhiocróbach feamainneacha dúchasacha na hÉireann (Eolaíochtaí Bitheolaíochta agus Éiceolaíocha)
- Na féidearthachtaí agus an bhrabúsacht a bhaineann le Dún na Gall a cheangal le gréasán iarnróid na hÉireann le freastal ar riachtanais shóisialta, eacnamaíochta agus timpeallachta (Eolaíochta Sóisialta agus Iompraíochta)
- Cén dath atá ar phí? Anailís ar phatrún i léiriú amhairc seicheamh uimhreacha ag úsáid dathanna atá feicthe ag daoine a bhfuil synesthesia orthu (Eolaíochtaí Ceimiceacha, Fisiceacha agus Matamaiticiúla)
- Imscrúdú ar na hoibreáin bhaile is éifeachtaí maidir le múscán fungasach a sheachaint ar thorthaí (Eolaíochtaí Bitheolaíochta agus Éiceolaíocha)
Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn (1 iontráil aonair; 2-5 iontrálacha grúpa)
- “Le dó nó gan a dó” – Forbairt retardant dóiteáin éiceabhách chun caipeadh tinte fiáine a rialú (Eolaíochtaí Ceimiceacha, Fisiceacha agus Matamaiticiúla)
- Fiosrú ar cumas atá ag plandaí éagsúla cosc a chur ar chreimeadh uisce (Eolaíochtaí Bitheolaíochta agus Éiceolaíocha)
- Fiosrú ar éifeacht lus an phiobair ar luas freagartha i ndéagóirí (Bitheolaíochta agus Éiceolaíocha)
- An bhfuil díritheoirí gruaige ag déanamh do ghruaig níos laige? (Eolaíochtaí Ceimiceacha, Fisiceacha agus Matamaiticiúla)
- An bhfuil tionchar ag arduithe costas breosla ar an chinneadh fuinneamh inathnuaite a úsáid sa teach (Eolaíochtaí Sóisialta agus Iompraíochta)
Coláiste Pobail Bhun an Phobail (Iontráil Aonair)
- Ní mar a chéile aon dá phróitéin. (Na hEolaíochtaí Ceimiceacha, Fisiceacha & Matamaiticiúla)
Is féidir liosta iomlán na dtionscadal a bhfuil áit bainte amach acu sa Taispeántas a fheiceáil anseo.