Fanfaidh gach iar-bhunscoil de chuid ETB Dhún na nGall oscailte agus beidh bearta cosanta i bhfeidhm iontu faoi mar atá leagtha síos i Leibhéal 5 den Phlean maidir le Maireachtáil le COVID-19, an leibhéal a mbeidh Co. Dhún na nGall ag bogadh chuige ó mheán oíche, Dé Céadaoin, 21 Deireadh Fómhair. Tá an ráiteas ón Aire Oideachais Norma Foley maidir le feidhmiú sábháilte na scoileanna a choinneáil ag gabháil le linn bhearta Leibhéal 5 i bhfeidhm.
Fanfaidh Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall oscailte le seirbhísí riachtanacha a chaomhnú agus le haghaidh an tsoláthair teagaisc seo a leanas: Printíseachtaí agus cúrsaí oiliúna atá praiticiúil den chuid is mó, Foghlaim don Saol, Cumasóige agus Sainchláir Oiliúna.
Bogfar cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLCanna), an Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEI), Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG) agus soláthar teagaisc in ionaid ar líne, mar a bhogfaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le Treoir d’Aosaigh agus Seirbhís Eolais.
Beidh daoine de dhíth ar an láthair le haghaidh gníomhaíochtaí ar leith m.sh. cleachtaí saotharlainne, ranganna praiticiúla agus scrúduithe nach féidir a reáchtáil go cianda; beidh siad ar siúl in ionaid mar sin.
Tá an ráiteas ón Aire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris i bhfeidhm.
Fanfaidh srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm ar feadh tréimhse sé seachtaine go dtí Dé Máirt, 01 Nollaig, i ndiaidh fógra ón Taoiseach Micheál Martin inné, Dé Luain, 19 Deireadh Fómhair.
Fanfaidh Oifigí Riaracháin ETB Dhún na nGall i Leitir Ceanainn druidte don phobal i gcoitinne. Mar sin féin, leanfaidh na socruithe maidir le leanúnachas gnó ar aghaidh i dtaca le seirbhísí riachtanacha riaracháin, lena n-áirítear mic léinn, baill foirne agus soláthraithe a íoc. Amharc ar an nasc COVID-19 ar ár láithreán gréasáin fosta, le do thoil, le breis eolais agus sonraí teagmhála na foirne a fháil.
Impíonn ETB Dhún na nGall ar gach mac léinn, baill foirne, teaghlaigh agus cairde cloí le treoirlínte sláinte poiblí maidir le déileáil le COVID-19.
Scoileanna ETB Dhún na nGall:
- Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall
- Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn
- Coláiste Chineál Eoghain, Bun Cranncha
- Coláiste na Carraige, An Charraig
- Coláiste Pobail Cholmcille, Toraigh
- Coláiste Cranncha, Bun Cranncha
- Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth
- Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn
- Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir
- Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir
- Gairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór
- Coláiste Mhaigh Éne, Bun Dobhráin
- Coláiste Pobail Bhun an Phobail
- Coláiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach
- Gairmscoil Caitríona, Na Cealla Beaga
Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall:
- Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Béal Átha Seanaidh
- Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Bun Cranncha
- Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Baile Dhún na nGall
- Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Baile Dhún na nGall (Ardscoil na gCeithre Máistrí)
- Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Gort an Choirce
- Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Leitir Ceanainn
- Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Baile na nGallóglach
- Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Srath an Urláir (Gleann na Finne)
- Ionad Oiliúna ETB, Leitir Ceanainn (Baile Raithin)
- Ionad Oiliúna ETB, Gaoth Dobhair
- Ionad Cumasóige, Bun Cranncha
- Ionad Cumasóige, Gleann Gad
- Ionad Cumasóige, Leitir Ceanainn
- Ionad Cumasóige, Leifear
- Seirbhís Treorach d’Aosaigh (Leitir Ceanainn agus Baile Dhún na nGall)
Le breis eolais a fháil, le do thoil, déan teagmháil le ETB Dhún na nGall ar info@donegaletb.ie.
Tá breis eolais faoi ETB Dhún na nGall ar fáil ar an láithreán gréasáin seo (www.donegaletb.ie) agus ar ár gcuntais mheán sóisialta – Facebook, Twitter, Instagram, YouTube and LinkedIn.