Coláiste Ghleann na Finne
Ráiteas Misin: Is é ár misean deiseanna foghlama inrochtana, uileghabhálacha agus iomlánaíocha a chur chun cinn, a thairiscint agus a chothú; deiseanna a chuirfidh ar chumas phobal an Choláiste é féin a chumasú lena lánacmhainneacht a chomhlíonadh sa tsochaí.
In Aibreán 2007 athraíodh ainm Ghairmscoil Shrath an Urláir go hoifigiúil agus tugtar Coláiste Ghleann na Finne uirthi anois. I mBealtaine 2010 cuireadh tús le hobair ar thógáil na scoile úire saintógtha le freastal ar 325 dalta. Osclaíodh an scoil úr do dhaltaí i Meán Fómhair 2011 agus tá 304 dalta ar an rolla faoi láthair.
Scoil bheag chomhoideachais is ea Coláiste Ghleann na Finne a chuireann réimse leathan clár ar fáil do gach dalta de gach cumas. Cuireann muid cláir ar fáil suas go dtí ardleibhéal LCVP. Tá ár scoil bródúil as an dóigh a n-úsáideann sí cur chuige iomlánaíoch páisteláraithe, rud a chuireann ár gcuid daltaí ag croílár an phróisis oideachais.
Freastalaíonn an scoil ar riachtanais an phobail áitiúil tríd an réimse seo a leanas de chláir a chur ar fáil:
Cláir atá ar fáil
- Teastas Sóisearach (JC)
- Idirbhliain (TY)
- Ardteistiméireacht (LC)
- An Ardteistiméireacht Fheidhmeach (LCA)
- Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP)
- Comhionannas Deiseanna i Scoileanna a Sheachadadh (DEIS)
- Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC)