Cumasóige Ghleann Gad
Tá Cumasóige Ghleann Gad lonnaithe i nGleann Gad, Tuaisceart Inis Eoghain agus feidhmíonn sé mar ionad for-rochtana ó Chumasóige Bhun Cranncha. Tá an clár Cumasóige oscailte do dhaoine óga idir 16-20 bliain d’aois a d’fhág an scoil gan mórán cáilíochtaí foirmiúla nó gan cáilíochtaí ar bith agus cuireann sé réimse modúl oideachais, oiliúna agus taithí oibre ar fáil dóibh. Is clár dhá bhliain atá ann; íoctar liúntais sheachtainiúla oiliúna agus béilí dóibh agus d’fhéadfadh siad a bheith i dteideal liúntais taistil agus lóistín (de réir mar is cuí).
Cuireann an clár réimse cúrsaí ar fáil de réir mar atá mionsonraithe thíos:
Cláir atá ar fáil
- QQI Leibhéal 2 Foghlaim Ghinearálta
- QQI Leibhéal 3 Scileanna Gnóthaithe Poist
- QQI Leibhéal 4 Foghlaim Ghinearálta
- Oiliúint Dheimhnithe eile, mar atá, garchabhair agus sláinteachas bia
- Oiliúint Neamhdheimhnithe