Ionad FET Bhaile na nGallóglach
Tá Ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) i mBaile na nGallóglach lonnaithe san iar-Ghairmscoil. Tagann foghlaimeoirí ó Bhaile na nGallóglach agus ó cheantair máguaird. Cuireann an t-ionad réimse cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha ar fail d’fhoghlaimeoirí ó Bhaile na nGallóglach agus ó cheantair máguaird i dtimpeallacht foghlama atá sábháilte agus tacúil.
Tá formhór na gcúrsaí creidiúnaithe ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) nó ag comhlachtaí creidiúnúcháin eile, macasamhail City & Guilds agus tá na cáilíochtaí dírithe ar thionscal ar leith. Tig leo maireachtáil ar feadh roinnt seachtainí nó suas le dhá bhliain.
Tig le foghlaimeoirí tosú ag leibhéal a aithníonn a scileanna reatha agus tig leo leas a bhaint as an bhealach dul chun cinn is fearr a oireann dóibh.
Cuirtear réimse clár ar fáil san Ionad de réir mar atá mionsonraithe thíos:
Cláir atá ar fáil
- Litearthacht d’Aosaigh
- An Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEI)
- Féinmhaoinitheach (Ranganna Páirtaimseartha/Tráthnóna)
- Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG)