Ionad FET Gort an Choirce
Freastalaíonn an tIonad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) i nGort an Choirce ar abhantrach ón Chlochán Liath go dtí an Craoslach agus cuireann sé réimse cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha ar fáil d’fhoghlaimeoirí ó Leibhéil 1-5 i dtimpeallacht foghlama atá sábháilte agus tacúil.
Tá formhór na gcúrsaí creidiúnaithe ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) nó ag comhlachtaí creidiúnúcháin eile, macasamhail City & Guilds agus tá na cáilíochtaí dírithe ar thionscal ar leith.
Tig le foghlaimeoirí tosú ag leibhéal a aithníonn a scileanna reatha agus tig leo leas a bhaint as an bhealach dul chun cinn is fearr a oireann dóibh.
Cuirtear réimse clár ar fáil san ionad de réir mar atá mionsonraithe thíos:
Cláir atá ar fáil
- Litearthacht d’Aosaigh
- An Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEI)
- Cumasóige