Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna
TÁ 19 N-IONAD SAN IOMLÁN AG BORD OIDEACHAIS AGUS OILIÚNA DHÚN NA NGALL AGUS CUIRTEAR CLÁIR AGUS CÚRSAÍ BREISOIDEACHAIS AGUS OILIÚNA (FET) AR FÁIL IONTU.
Is é Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall an soláthraí Breisoideachais agus Oiliúna (FET) is mó sa chontae é. Cuireann muid réimse cúrsaí oideachais agus oiliúna atá uileghabhálach agus spreagúil ar fáil do mhuintir Dhún na nGall a shásóidh sainriachtanais na bhfoghlaimeoirí agus riachtanais forbartha an chontae. Cuireann muid réimse cúrsaí ar fáil ó fhoghlaim pháirtaimseartha go dtí cúrsaí lánaimseartha a bhfuil breisoideachas agus ardoideachas, oiliúint agus fostaíocht mar thoradh orthu.
Tá sé iontach tábhachtach dúinne go bhfuil an deis ag gach foghlaimeoir sult a bhaint as a bhfoghlaim agus sármhaitheas a bhaint amach as a rogha staidéir. Cuireann muid cúrsaí creidiúnaithe ar fáil trí Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI), City & Guilds agus cáilíochtaí eile atá dírithe ar thionscal. Chomh maith leis sin cuireann muid cúrsaí neamhchreidiúnaithe ar fáil mar chaitheamh aimsire agus blaschúrsaí gairide trínár gClár Oideachais Pobail.