Úsáid ár ‘Cúrsa-Aimsitheoir’ le cúrsaí a aimsiú atá ar fáil i do réimse spéise agus i do cheantar…
Breisoideachais agus Oiliúint
Cineálacha & Leibhéil Cúrsaí
Cuireann Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall réimse cúrsaí ar fáil ó leibhéal 1-6 ar an Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí ar bhonn lánaimseartha agus páirtaimseartha. Faigh amach níos mó trí chliceáil anseo.
Roghanna foghlamaBreisoideachais agus Oiliúint
Réimsí Foghlama
Ar mhaith leat níos mó a fháil amach faoi na cineálacha cúrsaí atá ar fáil againn taobh istigh de na réimsí éagsúla foghlama? Cliceáil anseo le fáil amach níos mó faoi réimse cúrsaí atá ar fail i réimsí éagsúla oibre ar nós: Innealtóireacht, Tógáil, Gruaig agus Scéimh, srl.
Cad a chuireann muid ar fáilETB Dhún na nGall
Míniú ar Chláir FET
Cad atá i gceist le Printíseacht? An bhfuil mé i dteideal Cumasóige a dhéanamh? Cad iad mo chuid teidlíochtaí agus mé ar chúrsa lánaimseartha SDOG nó ar chúrsa oiliúna? Cad iad na tacaíochtaí atá ar fáil dom le leanúint le mo chuid staidéir?An gcaithfidh mé a bheith dífhostaithe le tosú ar chúrsa Bunscileanna Idirlín? Faigh amach níos mó laistigh dár gcláir FET áit a mínítear cé acu clár is fearr a oireann do do chuid riachtanas.
Cláir atá ar fáilAn bhfuil rud beag comhairle de dhíth ort maidir leis an bhealach cheart oideachais a roghnú? Tig lenár Seirbhís Treorach d’Aosaigh cuidiú leat!
ETB Dhún na nGall
Seirbhísí d’Fhostóirí
Cuireann ETB Dhún na nGall réimse leathan seirbhísí ar fáil d’fhostóirí agus tá muid tiomanta do chúrsaí a chur ar fáil atá ábhartha do riachtanais earnáil na tionsclaíochta. Tá sé mar aidhm againn roghanna a chur ar fáil d’fhostóirí ar mian leo cur le scileanna a gcuid fostaithe.
An ETB agus FostóiríETB Dhún na nGall
Ionaid Oiliúna FET
Is iad ár 17 nIonad Breisoideachais agus Oiliúna ár moill lenár seirbhís a chur ar fáil fad is go gcuireann muid cúrsaí agus seirbhísí ar fáil ar fud an chontae i suíomhanna for-rochtana. Féachann muid le timpeallachtaí foghlama a chur ar fáil a thacóidh le teagasc agus foghlaim agus atá inrochtana d’achan uile duine.
Ionaid OiliúnaBreisoideachas agus Oiliúint
Eolas d’Fhoghlaimeoirí
Más foghlaimeoir thú i láthair na huaire nó más rud é go bhféadfá a bheith i d’fhoghlaimeoir le seirbhís FET an ETB cliceáil anseo le níos mó a fháil amach faoi na ceisteanna a d’fhéadfadh a bheith agat. An dtig liom tacaíocht Chúraim Leanaí a fháil agus mé ar chúrsa? An íoctar mé as freastal ar chúrsa? Is féidir na ceisteanna sin uilig agus ceisteanna eile nach iad a fháil anseo agus inár rannán faoi CCanna foghlaimeoirí. Tig leat eolas breise a fháil fosta ar na polasaithe agus gnásanna atá foilsithe againn mar aon lenár bpleananna maidir le Feabhsú Cáilíochta agus straitéisí taobh istigh den rannán sin den suíomh gréasáin.
Eolas d’FhoghlaimeoiríBreisoideachas agus Oiliúint
Dearbhú Cáilíochta
Tig leat eolas breise a fháil fosta ar na polasaithe agus gnásanna atá foilsithe againn mar aon lenár bpleananna maidir le Feabhsú Cáilíochta agus straitéisí taobh istigh den rannán sin den suíomh gréasáin.
Dearbhú Cáilíochta