Bhí ócáid buíochais agus ceiliúradh i nGairmscoil Chú Uladh ar an 24ú Bealtaine in onóir an Phríomhoide, Fiona Ní Chnáimhsí mar go bhfuil sí ag éirí as a post ag deireadh na scoilbhliana seo. Bhí ceol, damhsa agus bronnadh eagraithe le slán a fhágáil aici agus le buíochas a ghlacadh leí as an tríocha a dó bliain atá tugtha aici do Ghairmscoil Chú Uladh. Chaith sí ceithre bliana déag mar Phríomhoide ar an scoil agus ceithre bliana déag roimhe sin mar Leas-phríomhoide. Guímid sonas agus sláinte uirthi sa tréimhse nua seo. Cronófar go mór Fiona i measc daltaí, tuismitheoirí agus foireann iomlán na scoile.
Gairmscoil Chú Uladh
Fiona Ní Chnáimhsí ag éirí as a bpost mar Phríomhoide Gairmscoil Chú Uladh
29
May
May