[lang_ie] Tá foireann Sealbhaíocht don Bheatha do chuid Ionad Oideachais Allamuigh Ghartáin ag óstáil lá a dtugtar “Tar isteach agus Bain Triail As” ar an Satharn 28 Aibreán. I measc na ngníomhaíochtaí a bheas ann tá:-Cadhcáil, Canúáil, Boghdóireacht, Dreapadóireacht taobh Istigh, Scileanna Rothar Sléibhe agus iomlán acu seo ar fáil ó theagascóirí a bhfuil a lán de thaithí acu. Tá na gníomhaíochtaí céanna seo oiriúnach do pháistí atá níos sine agus daoine fásta amháin agus ag tosú ar an 10.r.n. Fós ar an lá seo beidh Maidin Chaife ar siúl i dTeach an Bháid. Siocair go bhfuil brú ar uimhreacha a thig glacadh páirt ag aon am amháin le cuid de na himeachtaí seo, b’fhearr d’ainm a chuir in áirithe roimh ré ionas nach mbeidh díomá ort. Le haghaidh tuilleadh eolais faigh i dteagmháil leis an Ionad féin ag 074 9137032 nó office@gartan.com Mar is eol tá an ócáid seo mar thacaíocht do chúis iontach ar fad agus siocair sin tá muid ag moladh €5 ar gach gníomhaíocht ar a laghad. Tá muid ag dréim sibh uile a fheiceáil ar an lá ag tabhairt tacaíocht don chúis tábhachta seo. Bígí Linn. [/lang_ie]